05/10/12

5/10/2012 Seolann an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich tionscadal ‘Béiltí ar Rothaí’ sa Tulach, Baile na hAbhann, Gaillimh

Agus é ag caint inniu (5 Deireadh Fomhair 2012) nuair a sheol sé seirbhís nua ‘Béiltí ar Rothaí’ atá curtha ar fáil ag Tearmann Éanna, an Tulach, Baile na hAbhann i nGaeltacht na Gaillimhe, dúirt an tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Donnachadh Mac Fhionnlaoich T.D., “go bhfuil seirbhísí den scoth agus d’ard chaighdeán a chur ar fáil ag Tearmann Éanna d’aosaigh agus d’easláin i deisceart Chonamara”. Mhol an tAire Stáit an ról a bhí ag Pól Ó Foighil – atá anois ar shlí na fírinne – i bhforbairt na n-áiseanna agus na seirbhísí atá ar fáil ar an Tulach agus ag Tearmann Ainín in aice le Coláiste Lurgan, Indreabhán.  “Is eiseamláir an tionscnamh seo do cheantar eile” a dúirt an tAire Stáit, “é suite i lár ceantair láidir Gaeltachta le seirbhís iomlán trí Ghaeilge ar fáil agus coiste iontaofa taobh thiar dó” a dúirt sé.

Thug an tAire Stáit suntas don réimse leathan seirbhísí agus imeachtaí atá ar bun ag Tearmann Éanna agus mhol sé an Coiste deonach atá i mbun an tionscadal seo agus iad ag freastal ar an aicme pobail is leochailí sa cheantar eadhon iad siúd atá ag dul in aois nó tinn.

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service