28/10/15

€6,756 breise ceadaithe ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., faoi Scéim na gCúntóirí Teanga in 2014/15

 

Dé Céadaoin, 28 Deireadh Fómhair—D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., go bhfuil deontas breise de €6,756 ceadaithe aige do Mhuintearas Teo faoi Scéim na gCúntóirí Teanga don scoilbhliain 2015/16.  Tá an deontas seo sa bhreis ar dheontas eile de €774,486 a ceadaíodh do Mhuintearas Teo agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne don scoilbhliain 2015/16.

Tá an deontas á cheadú chun tacú le Muintearas uaireanta breise a chur ar fáil i Scoil Náisiúnta Mhín Tine Dé i nGaeltacht Dhún na nGall agus Cúntóir Teanga a fhostú i Scoil Bhríde Mionlach agus sa scoil speisialta Tigh Nan Dooley ar an gCeathrú Rua i gCo na Gaillimhe. Tacaíonn an clár seo le cur chun cinn na Gaeilge sna scoileanna Gaeltachta.

Ag fógairt an deontais, dúirt an tAire Stáit go raibh sé an-sásta a bheith in ann an cúnamh seo a chur ar fáil do na scoileanna áirithe seo.  “Mar gheall ar an obair fhónta atá ar bun ag Cúntóirí Teanga faoin scéim seo le tamall de bhlianta anuas, tá an deis tugtha d’aos óg na Gaeltachta an Ghaeilge atá acu a úsáid agus a shaibhriú sa seomra ranga,” a dúirt an tAire Stáit.

Críoch

 

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service