07/04/16

An tAonad Polasaí Oidhreachta Tógtha agus Ailtireachta

An tAonad Polasaí Oidhreachta Tógtha agus Ailtireachta – Feidhmeanna agus Seirbhísí

  • Creat riaracháin, polasaí agus reachtaíochta a sholáthar chun oidhreacht ailtireachta a chosaint mar acmhainn náisiúnta.
  • Cothú ar fheasacht phoiblí agus meas ar an ailtireacht agus ar ár n-oidhreacht thógtha náisiúnta.
  • A chinntiú do ndéantar ár n-oidhreacht thógtha a chaomhnú, a bhainistiú agus a phleanáil don bhainistiú éifeachtach, inbhuanaithe ar ár n-acmhainní oidhreachta.
  • Cothú an dea-chleachtais in ailtireacht agus dearadh uirbeach nua-aimseartha.

An tAonad Polasaí Oidhreachta Tógtha agus Ailtireachta – Rochtain ar ár Seirbhísí

Cuireann an tAonad Polasaí Oidhreachta Tógtha agus Ailtireachta scéimeanna agus seirbhísí, a luaitear thíos. Féadfar tuilleadh eolais a fháil maidir leis na scéimeanna ag https://www.chg.gov.ie/heritage/built-heritage/

a. Clár Caipitil um an Oidhreacht Thógtha

Tacaíonn an leithdháileadh maoinithe don chlár le caomhnú oidhreachta tógtha na hÉireann agus, ach go háirithe, tá sé ceaptha leis na nithe seo a bhaint amach:

  • Maoiniú agus tacaíocht do struchtúir (poiblí agus príobháideach) atá cosanta faoi na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000, mar a leasaíodh, agus scéimeanna a sholáthar do na struchtúir sin a mheastar a bheith i gcontúirt an mheathlaithe shuntasaigh.
  • Maoiniú ar chlár oibreacha caomhnaithe agus uasghráduithe ar áiseanna do chuairteoirí do shuíomhanna oidhreachta, lena n-áirítear séadchomharthaí náisiúnta faoi chúram an Stáit agus a bhfuil tábhacht oidhreachta leo. Tá sonraí ar mhaoine dá leithéid ar fáil ar an suíomh gréasáin heritageireland.ie.

b. Comhairle Oidhreachta Ailtireachta

Cuireann  an tAonad Comhairle Oidhreachta Ailtireachta (AHAU) laistigh den Aonad Polasaí Oidhreachta Tógtha agus Ailtireachta seirbhísí ar fáil go príomha d’údaráis phleanála. Déanann an AHAU na nithe seo a leanas:

  • Comhairle a thabhairt ar chúrsaí caomhnaithe ailtireachta do ranna agus gníomhaireachtaí eile rialtais, d’fhorbróirí, úinéirí maoine agus a gcomhairleoirí;
  • Feidhmeanna an Aire a chur i gcrích mar chomhlacht forordaithe faoi na hAchtanna um Pleanáil i dtaca le pleananna forbartha agus moltaí forbartha a théann i gcionn ar an oidhreacht ailtireachta;
  • Freagairt d’fhógraí a fhaightear faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta maidir le hoibreacha atá beartaithe ar shéadchomharthaí cláraithe agus náisiúnta áit a bhfuil na séadchomharthaí sin ina gcuid den oidhreacht ailtireachta;
  • Freagracht a ghlacadh as an gcáipéis um threoir reachtúil ‘Architectural Heritage Protection Guidelines for Planning Authorities’ a eisíodh faoi Ailt 28 agus 52 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, Foilsíodh an cháipéis seo ar dtús in 2004 ag an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus athfhoilsíodh í i bhformáid leictreonach ag an Roinn Ealaíon, Oidreachta, Gnóthaí Réigiúnachq, Tuaithe agus Gaeltachta in 2011 ar www.chg.gov.ie/en/Heritage/BuiltHeritageandArchitecturalPolicy/. Tá cóipeanna crua de leagan na bliana 2004 ar fáil tríd an Oifig Foilseachán Rialtais.
  • Foilsiú sraith de threoirleabhair um chomhairle ar chaomhnú d’úinéirí maoine agus a gcomhairleoirí ar an dea-chleachtas i ndeisiú agus cothabháil foirgnimh. Tá cóipeanna boga de na foilseacháin seo ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne agus is féidir cóipeanna crua a cheannach tríd an Oifig Foilseachán Rialtais agus siopaí leabhair eile. Leantar den tsraith comhairle seo a fhorbairt agus a leathnú.

c. Fardal Náisiúnta ar an Oidhreacht Ailtireachta (NIAH)

Déanann NIAH aithint, meastóireacht agus taifeadadh ar oidhreacht ailtireachta na hÉireann ar bhealach córasach agus comhsheasmhach sa chaoi is:

  • Gur féidir foinse treorach a sholáthar chun struchtúir a roghnú do chosaint;
  • Gur féidir sonraí a sholáthar d’údaráis áitiúla, atá ábalta cuidiú leo breitheanna oilte a dhéanamh faoi thábhacht an tsoláthair foirgneamh ina limistéar feidhme;
  • Gur féidir eolas agus meas níos mó a chothú ar oidhreacht ailtireachta; agus
  • Gur féidir feasacht phoiblí ar oidhreacht thógtha na hÉireann a mhéadú.

Déantar taighde agus suirbhé ar struchtúir ar fud na tíre ina bhfuil taighde páipéir agus staidéir allamuigh. Cuirtear torthaí agus measúnuithe isteach i mbunachar NIAH, taifead leictreonach atá ar fáil ar shuíomh gréasáin NIAH, www.foirgnimhofireland.ie. Le gach suirbhé contae, foilsíonn NIAH cur i láthair maisithe ar ailtireacht an chontae. Tá na leabhair seo ar fáil, (i bhformhór na gcásanna ar chostas €12 an ceann, agus roinnt de na leabhair níos sine a áiríonn dlúthdhiosca den bhunsuirbhé NIAH ar phraghas €17.99), ón suíomh gréasáin, www.wordwellbooks.com nó ón Oifig Foilseachán Rialtais. Cuirfear tuilleadh sonraí leis an suíomh gréasáin de réir mar a théann an suirbhé ar aghaidh.

Le haghaidh tuilleadh eolais, is féidir leat cuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin na Roinne, ag an nasc thíos: www.chg.gov.ie/en/Heritage/BuiltHeritageandArchitecturalPolicy/NationalInventoryOfArchitecturalHeritage/.

d. Polasaí an Rialtais ar Ailtireacht 2009-2015

Le Polasaí an Rialtais ar Ailtireacht (“Government Policy on Architecture (GPA) 2009-2015: Towards a Sustainable Future: Delivering Quality within the Built Environment”) tugtar an creat cuí do pholasaí ailtireachta chomh fada le 2015 agus ina dhiaidh sin, agus tá sé seo á mhaoirsiú go lárnach ag Aonad Polasaí Oidhreachta Tógtha agus Ailtireachta na Roinne. Leagann an polasaí béim ar fhorbairt inbhuanaithe na timpeallachta agus ar dhearadh uirbeach, agus tugann sé an oidhreacht ailtireachta san áireamh ar bhealach iomlánaíoch, comhtháite, agus spreagann sé agus tacaíonn sé le hailtireacht nua-aimseartha ar ardchaighdeán. Comhlánaíonn an polasaí straitéis eacnamaíoch níos leithne an Rialtais laistigh de Chlár an Rialtais i réimsí amhail taighde ar an timpeallacht thógtha agus áitfhorbairt cháilíochtúil agus tacaíonn sé leis. Tá Polasaí an Rialtais ar Ailtireacht GPA 2009-2015 ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne, www.chg.gov.ie/en/Publications/HeritagePublications/ArchitecturalPolicyPublications/#d.en.15694. Tá cóipeanna crua ar fáil freisin ón Oifig Foilseachán Rialtais ar chostas €10 an ceann.

e. Cinntí faoi Alt 482 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997

Déanta foráil in Alt 482 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997 d’fhaoiseamh cánach don úinéir lonnaitheach i dtaca le deisiú, cothabháil nó athchóiriú ar fhoirgnimh nó gairdíní, a chinneann an tAire Ealaíon, Oidreachta, Gnóthaí Réigiúnachq, Tuaithe agus Gaeltachta a bhfuil tábhacht shuntasach ailtireachta, stairiúil, gortóireachta, eolaíochta, nó aeistéitiúil leo agus áit a bhfuil na Coimisinéirí Ioncaim sásta go gcuirtear rochtain shásúil ar fáil don phobal. Foilsíonn Fáilte Ireland uaireanta oscailte na maoine faofa ar a shuíomh gréasáin ag http://www.failteireland.ie/Information-Centre/Publications agus i leabhrán maisithe bliantúil freisin. Is féidir leis an bpobal iarratas a dhéanamh go díreach chuig Aonad Polasaí Oidhreachta Tógtha agus Ailtireachta na Roinne le haghaidh sonraí agus foirmeacha iarratais, atá ar fáil freisin ar shuíomh gréasáin na Roinne.

f. Straitéis Náisiúnta um Thírdhreach

Tá an Coinbhinsiún um Thírdhreach na hEorpa (ELC) de chuid Comhairle na hEorpa, a tháinig i bhfeidhm an 1 Márta 2004, sínithe agus daingnithe ag Éirinn. Cuireann an coinbhinsiún de cheangal ar Éirinn cineálacha áirithe d’athruithe polasaithe agus cuspóirí a chur chun feidhme i dtaca le bainistiú agus cosaint an tírdhreacha.

Ag eascairt as ár dtiomantas ELC, foilsíodh agus seoladh Straitéis Náisiúnta um Thírdhreach (NLS i mí na Bealtaine 2015. Baintear úsáid as an Straitéis Náisiúnta um Thírdhreach chun a chinntiú go gcomhlíontar an Coinbhinsiún um Thírdhreach na hEorpa. Tá sé d’aidhm ag an Straitéis Náisiúnta um Thírdhreach creat a chur ar bun chun cothromaíocht a fháil idir bainistiú, pleanáil agus cosaint an tírdhreacha. Leagtar amach sa straitéis prionsabail agus meicníochtaí chun polasaithe, uirlisí agus modhanna a fhorbairt ag leibhéal áitiúil agus náisiúnta, ina bhfuil údaráis áitiúla, eagraíochtaí stáit agus an tsochaí shibhialta páirteach, chun an tírdhreach a chosaint agus a fheabhsú, athrú tírdhreacha a bhainistiú go dearfach, agus an comhthéacs a sholáthar inar féidir dearadh forbartha cuí a bheith ann.

g. Soláthar tacaíochta don Chomhairle Oidhreachta

Bunaíodh an Chomhairle Oidhreachta faoin Acht Oidhreachta, 1995. Is é ról na Comhairle ná feasacht agus meas ar an oidhreacht go náisiúnta a ardú;  taighde, suirbhéanna agus anailís oidhreachta  a dhéanamh; feabhas a chur ar infreastruchtúr oidhreachta agus an dea-chleachtas a chothú sa chaomhnú agus i mbainistíocht inbhuanaithe oidhreachta. Tugann an tAonad Polasaí Oidhreachta Tógtha agus Ailtireachta tacaíocht roinne don Chomhairle Oidhreachta.

An tAonad Polasaí Oidhreachta Tógtha agus Ailtireachta – Aicmí na dTaifead atá á gCoimeád

  • Taifid a bhaineann le cúrsaí polasaí, reachtaíochta, airgeadais agus riaracháin i dtaca le feidhmeanna an Aonaid Polasaí Oidhreachta Tógtha agus Ailtireachta;
  • Taifid ina bhfuil faisnéis phearsanta amhail:
    • Gnáth-chomhfhreagras agus aighneachtaí ó dhaoine aonair maidir le cúrsaí oidhreachta agus caomhnaithe;
    • Foirmeacha iarratais do scéimeanna áirithe deontais agus faoiseamh cánach ina bhfuil sonraí pearsanta dhaoine aonair, ghrúpaí agus eagraíochtaí, (m.sh. ainmneacha, seoltaí, sonraí teagmhála, gairmeacha, cáilíochtaí, sonraí cánach agus ráitis airgeadais;
    • Taifid foirne; agus taifid faoin Scéim Socrúcháin do Mhic Léinn;
  • Léirithe spéise agus moltaí a chuirtear faoi bhráid an Aire ina dhiaidh sin maidir le ceapacháin s do bhoird, cáilíochtaí, taithí oibre roimhe agus Curriculum Vitae.

An tAonad Polasaí Oidhreachta Tógtha agus Ailtireachta – Scéimeanna Deontais nó Maoinithe

Clár Caipitil um an Oidhreacht Thógtha:

Cuireann an Clár Caipitil um an Oidhreacht Thógtha maoiniú ar fáil d’oibreacha caomhnaithe ar phunann oidhreachta an Stáit agus d’fheidhmiú na Scéime Infheistíochta um an Oidhreacht Thógtha  agus Chiste na Struchtúr i mBaol. Cuidíonn an maoiniú seo le caomhnú agus feabhsú na hoidhreachta ailtireachta agus cuidíonn sé leis na turasóireacht chultúrtha agus leis an bhfostaíocht i dtionscal an chaomhnaithe agus na tógála.

  • Maoine Oidhreachta faoi Chúram an Stáit

Cuirtear maoiniú ar fáil d’Oifig na nOibreacha Poiblí cuidiú le caomhnú agus cur i láthair phunann oidhreacht an Stáit agus cur le mealltacht na hoidhreachta mar acmhainn turasóireachta cultúrtha. Cuireann Oifig na nOibreacha Poiblí aighneacht faoi bhráid na Roinne uair sa bhliain ina leagtar amach na maoine tosaíochta (séadchomharthaí náisiúnta/maoine stairiúla faoi chúram an Stáit) le haghaidh caomhnaithe. Tá leibhéal an mhaoinithe ag brath ar an leithdháileadh Caipitil um an  Oidhreacht Thógtha don bhliain sé agus é faofa ag an Ealaíon, Oidreachta, Gnóthaí Réigiúnachq, Tuaithe agus Gaeltachta. coinníoll de chuid na Roinne í nach mór an maoiniú a úsáid don chaomhnú seachas oibreacha cothabhála. Déanfar athbhreithniú ar an gclár agus ar dhul chun cinn na n-oibreacha uair sa mhí ag cruinniú caidrimh idir an Roinn agus Oifig na nOibreacha Poiblí.

  • Scéim Infheistíochta um an Oidhreacht Thógtha

Féachann an Scéim Infheistíochta um an Oidhreacht Thógtha (BHIS) le hinfheistíocht de chaipiteal príobháideach (50% ar a laghad de mhaoiniú meaitseála de dhíth) a spreagadh i roinnt tograí dlúthfhostaíochta ar scála beag chun struchtúir stairiúla a dheisiú agus a chaomhnú agus chun tacú le gairmeoirí caomhnaithe agus ceardaithe, atá oilte agus a bhfuil saintaithí acu, a fhostú. Tá an scéim dírithe ar úinéirí maoine dá leithéid agus is iad na hÚdaráis Áitiúla a riarann í. Tá an maoiniú don bhliain 2016 leithdháilte.

Is féidir sonraí na scéimeanna a fháil ar www.chg.gov.ie/en/Oidhreacht/BuiltHeritageandArchitecturalPolicy/

  • Ciste na Struchtúr i mBaol (SRF)

Ciste na Struchtúr i mBaol (SRF) ceaptha le cuidiú le hoibreacha chun struchtúir atá cosanta faoi na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000-2010 a chumhdach agus, i gcásanna áirithe, oibreacha ar struchtúir laistigh de Limistéir Caomhnaithe Ailtireachta, más rud é, i dtuairim na Roinne, go bhfuil riachtanas práinneach d’oibreacha ar struchtúir dá leithéid tar éis tarlú agus an riachtanas sin léirithe. Ní bheidh ach struchtúir atá i mbaol láithreach an mheathlaithe shuntasaigh incháilithe ar bhreithniú do mhaoiniú ón Roinn. Tacaíonn an ciste le húinéirí struchtúr cosanta cloí le hoibleagáidí a leagtar orthu faoi Chuid IV de na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000-2010.

Ní mór iarratais ar chúnamh faoin Chiste na Struchtúr i mBaol a dhéanamh leis an údarás áitiúil cuí. Tá ciorclán agus foirm iarratais eisithe chuig na Comhairlí Cathrach agus Contae uile. Tá cóipeanna boga ar fáil freisin ar shuíomh gréasáin na Roinne, www.chg.gov.ie/en/Publications/HeritagePublications/BuiltHeritagePolicyPublications/.

Is iad seo a leanas atá incháilithe ar chúnamh faoin gciste:

  • Úinéirí lonnaitheacha ar struchtúir chosanta i.e. na struchtúir sin atá san áireamh i gClár na Struchtúr Cosanta de chuid na nÚdarás Áitiúla; agus
  • Úinéirí lonnaitheacha ar struchtúir i Limistéir Caomhnaithe Ailtireachta, má mheasann an Roinn go bhfuil cúinsí eisceachtúla ann.

Maidir le gach deontas a cheadófar faoi Chiste na Struchtúr i mBaol, ní mór maoiniú meaitseála a bheith ann, 20% ar a laghad den chaiteachas togra iomlán, ach amháin i gcúinsí eisceachtúla. Déantar na h iarratais uile ar mhaoiniú a mheas ag painéal a cheapann an Roinn agus bíonn tograí rathúla faoi réir chead an Aire. Cé nach bhfuil nós imeachta foirmiúil  achomharc ann, déanfaidh an Roinn breithniú ar achomhairc scríofa ar bhonn cás ar chás.

Scéimeanna Deontais Eile

a. Deontais d’Fhorais agus Eagraíochtaí Oidhreachta

Féadfaidh an Roinn maoiniú a sholáthar do chostais oibríochta fhorais agus eagraíochtaí oidhreachta amhail Cartlann Ailtireachta na hÉireann, Iontaobhas OIdhreachta na hÉireann, Fundúireacht Ailtireachta na hÉireann agus Coiste Idirnáisiúnta na Séadchomharthaí is na Láithreacha Éireann (ICOMOS) agus Cumann Tithe Stairiúla na hÉireann.

b. Cinntí faoi Alt 482

Déantar foráil in Alt 482 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997 d’fhaoiseamh cánach don úinéir lonnaitheach i dtaca le caiteachas ar dheisiú, cothabháil nó athchóiriú ar fhoirgnimh nó gairdíní, a gcinneann an tAire Ealaíon, Oidreachta, Gnóthaí Réigiúnachq, Tuaithe agus Gaeltachta go bhfuil tábhacht shuntasach ailtireachta, stairiúil, gortóireachta, eolaíochta, nó aeistéitiúil leo agus áit a bhfuil na Coimisinéirí Ioncaim sásta go gcuirtear rochtain shásúil ar fáil don phobal. Foilsíonn Fáilte Ireland uaireanta oscailte na maoine faofa ar a shuíomh gréasáin ag http://www.failteireland.ie/Information-Centre/Publications agus i leabhrán maisithe bliantúil freisin. Is féidir leis an bpobal iarratas a dhéanamh go díreach chuig Aonad Polasaí Oidhreachta Tógtha agus Ailtireachta na Roinne le haghaidh sonraí agus foirmeacha iarratais, atá ar fáil freisin ar an suíomh gréasáin,

www.chg.gov.ie/en/Heritage/BuiltHeritageandArchitecturalPolicy/.

c. Éadálacha

I gcoitinne, faightear láithreacha a mheastar do chúram Stáit trí cheannach, (de ghnáth trí idirbheartaíocht leis na húinéirí), nó mar bhronntanas don Stát nó trí aistriú ó chomhlacht Stáit eile. Is i gcúinsí eisceachtúla amháin a dhéanfadh an Stát maoin oidhreachta nó séadchomhartha a cheannach, agus aird, mar shampla, ar thábhacht oidhreachta na héadála féideartha, an chontúirt go gcaillfí an mhaoin shuntasach sin agus staid dheacair bhuiséadach. Ó 2011 i leith ní raibh an Roinn ábalta sócmhainn oidhreachta ar bith a fháil.

An tAonad Polasaí Oidhreachta Tógtha agus Ailtireachta – Mórmholtaí Beartais agus Comhairliúcháin Phoiblí

  • Athbhreithniú ar Alt 482 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997
  • Athbhreithniú ar Fhundúireacht Ailtireachta na hÉireann

Déanfar an dá athbhreithniú seo, ina mbeidh gnéithe de chomhairliúchán poiblí, le linn 2016.

 

Twitter

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service