07/04/16

An tAonad um Pholasaí Gaeilge agus Comhoibriu Thuaidh/Theas

An tAonad um Pholasaí Gaeilge agus Comhoibriu Thuaidh/Theas – Feidhmeanna agus Seirbhísí

  • Polasaí a fhorbairt agus scéimeanna agus bearta éagsúla a fhéachann leis an nGaeilge a neartú go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus tacú le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.
  • Freagracht as Acht na dTeangacha Oifigiúla, lena n-áirítear scéimeanna teanga a chomhaontú le comhlachtaí poiblí agus cúrsaí ábhartha agus tacú le hobair an Choimisinéara
  • Maoirsiú ar fhorbairtí maidir leis an nGaeilge san Aontas Eorpach agus go hidirnáisiúnta.
  • Socruithe cuí a cheapadh agus chur i bhfeidhm do sholáthar oiliúna agus creidiúnaithe na Gaeilge don Státseirbhís.
  • Taighde a dhéanamh agus leaganacha údarásacha Gaeilge de logainmneacha na hÉireann a sholáthar agus tacaíocht riaracháin a sholáthar do Choiste na Logainmneacha.
  • Comhoibriú Thuaidh/Theas a chothú trí chomh-urraíocht ar an dá Chomhlacht Forfheidhmithe Thuaidh/Theas, Uiscebhealaí Éireann agus An Foras Teanga, i gcomhar leis an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta[1] i dTuaisceart Éireann agus an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas (NSMC).
  • A chinntiú go gcuirtear feabhas ar chomhoibriú Thuaidh/Theas thar raon iomlán na ngníomhaíochtaí roinne agus caidreamh le páirtithe leasmhara ábhartha eile.

An tAonad um Pholasaí Gaeilge agus Comhoibriu Thuaidh/Theas – Rochtain ar ár Seirbhísí

Den chuid is mó, cuirtear seirbhísí ar fáil go díreach chuig an bpobal trí na Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge agus trí fhreagraí a thabhairt ar fhiosruithe i dtaca le logainmneacha. Baineann feidhmeanna eile an aonaid den chuid is mó le caidreamh le comhlachtaí poiblí eile.

Brainse na Logainmneacha

Is é an príomhról atá ag Brainse na Logainmneacha taighde a dhéanamh ar logainmneacha na hÉireann agus leaganacha Gaeilge údarásacha de na logainmneacha sin a sholáthar. Ina theannta sin, cuireann an Brainse tacaíocht riaracháin ar fáil do Choiste na Logainmneacha agus tugann sé freagraí ar fhiosruithe i dtaca le logainmneacha ón bpobal i gcoitinne.

Thuaidh/Theas Comhoibriú

Tugann an t-aonad seo comh-mhaoiniú agus tacaíocht d’obair Uiscebhealaí Éireann agus An Foras Teanga agus bíonn caidreamh gníomhach aige leis na comhlachtaí sin agus le páirtithe leasmhara eile lena n-áirítear an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó thuaidh, an NSMC agus ranna agus gníomhaireachtaí éagsúla de chuid an Rialtais.

Déanann Uiscebhealaí Éireann (www.waterwaysireland.org) bainistiú, cothabháil, forbairt agus cur chun cinn ar bhreis agus 1000km d’uiscebhealaí inseolta intíre, do chúiseanna áineasa den chuid is mó. Is iad na huiscebhealaí atá faoi shainchúram an chomhlachta Uiscebhealach na Bearú, Córas na hÉirne, an Chanáil Mhór, an Bhanna Íochtair, an Chanáil Ríoga, Uiscebhealach na Sionainne-na hÉirne agus Uiscebhealach na Sionainne.

Tá dhá ghníomhaireacht ar leith san Fhoras Teanga:

  • Foras na Gaeilge, (forasnagaeilge.ie) comharba ar Bhord na Gaeilge, a bhfuil sé de phríomhfhreagracht air an Ghaeilge a chur chun cinn i ngach gné de ghnáthshaol an lae ar fud oileán na hÉireann, agus
  • Gníomhaireacht na hUltaise (ulsterscotsagency.com), a bhfuil sé de phríomhfhreagracht uirthi teanga agus cultúr na hUltaise a chur chun cinn, laistigh de Thuaisceart Éireann agus ar fud oileán na hÉireann.

Cé go bhfuil an t-aonad freagrach as cúrsaí polasaí agus maoinithe, fanann an fhreagracht as na  cúrsaí oibríochta ó lá go lá leis na gníomhaireachtaí aonair. Ní sheachadtar seirbhísí nó scéimeanna go díreach chuig an bpobal.

Is féidir sonraí teagmhála iomlána don Aonad a fháil ag https://www.chg.gov.ie/about/contact/

An tAonad um Pholasaí Gaeilge agus Comhoibriu Thuaidh/Theas – Aicmí na dTaifead atá á gCoimeád

  • Taifid a bhaineann cúrsaí polasaí;
  • Taifid a bhaineann le cúrsaí oibríochta (iarratais, miontuairiscí, comhfhreagras, nótaí faisnéise srl.) i dtaca leis na feidhmeanna a luaitear thuas; agus
  • Taifid a bhaineann le riarachán inmheánach an Aonaid.
  • Comhaid riaracháin - taifid ar chomhfhreagras a bhaineann le cúrsaí ó lá go lá; agus
  • Comhaid reachtaíochta - taifid a bhaineann le reachtaíocht phríomha agus reachtaíocht thánaisteach a dhréachtadh.

An tAonad um Pholasaí Gaeilge agus Comhoibriu Thuaidh/Theas – Scéimeanna Deontais nó Maoinithe

Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge

Cuspóir na scéime:

Is é an cuspóir atá leis an gclár maoinithe seo ná cúnamh airgeadais a sholáthar do réimse eagraíochtaí agus gníomhaíochtaí a thacaíonn le cur chun cinn na Gaeilge go náisiúnta (lasmuigh den Ghaeltacht) agus go hidirnáisiúnta. I measc na n-eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú bliantúil tá Taibhdhearc na Gaillimhe, Gaillimh le Gaeilge, Gnó Mhaigh Eo agus Gael Taca I gCo. Chorcaí. Faoi na Scéimeanna Tacaíochta don Ghaeilge, cuirtear maoiniú ar fáil freisin do thionscnaimh a thacaíonn le comhlachtaí poiblí Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm agus do thionscnaimh a thacaíonn le stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre den Aontas Eorpach. Áiríonn na tionscnaimh sin, mar shampla, an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge in institiúidí tríú leibhéal In Éirinn, forbairt bhunachar sonraí téarmaíochta an AE i nGaeilge atá á dhéanamh ag Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus teagasc na Gaeilge in ollscoileanna éagsúla thar lear. Leis na scéimeanna freisin tugtar tacaíocht do bhunú na ngrúpaí teicneolaíochta Gaeilge (TechSpace as Gaeilge) i gclubanna óige agus meánscoileanna.

Maidir le tograí caipitil, cuirtear maoiniú ar fáil chun cuidiú le hionaid shóisialta agus chultúrtha Gaeilge a fhorbairt i gceantair uirbeacha.

Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh?

Tá na Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge ar oscailt d’eagraíochtaí a chuireann an Ghaeilge a chun cinn lasmuigh den Ghaeltacht. Níl aon chostas ar iarratais.

Conas iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú faoin scéim:

Iarrtar ar eagraíochtaí iarratas a chomhlánú agus plean gnó a sholáthar a leagann amach cúlra, bunús agus aidhmeanna a dtogra. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag an nasc seo a leanas:

www.chg.gov.ie/gaeltacht/the-irish-language/language-support-schemes/

Critéir incháilitheachta:

Tugtar na critéir incháilitheachta ghinearálta do na Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge thíos. Táthar ag súil leis go mbeidh cuntas teiste cruthaithe i gcur chun cinn na Gaeilge ag eagraíochtaí a gheobhaidh faomhadh do mhaoiniú.

Critéir do chaiteachas reatha:

Déantar meastóireacht ar thograí de réir na gcritéar seo a leanas:

  • inmharthanacht an togra i dtéarmaí tacú le forbairt agus úsáid na Gaeilge ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil;
  • an gcuidíonn an togra le bonn a chur le stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil agus teanga oibre de chuid an Aontais Eorpaigh trí mhéadú ar líon na ndaoine cáilithe le scileanna Gaeilge agus/nó cuidiú le hobair fhorais AE ina leith sin, lena n-áirítear téarmaíocht AE a aistriú go Gaeilge;
  • maidir leis an scéim TechSpace as Gaeilge, an riachtanas nach mór d’iarrthóirí cúrsa oiliúna forordaithe a bheith déanta acu; agus
  • luach ar airgead.

I measc na gcritéar a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar iarratais ar mhaoiniú i dtaca le teagasc na Gaeilge in institiúidí tríú leibhéal tá:

  • taithí na hinstitiúide ar chúrsaí Gaeilge a sholáthar agus ar an nGaeilge a chur chun cinn i gcoitinne;
  • cáilíocht an phlean gnó;
  • méid an chomh-mhaoinithe atá ar fáil ón institiúid agus/nó foinsí eile;
  • creidiúnú na gcúrsaí; agus
  • luach ar airgead.

Critéir do chaiteachas caipitil:

Déantar measúnú ar thograí caipitil faoi réir na gcritéar seo a leanas:

  • an riachtanas atá leis na hoibreacha atá beartaithe;
  • an úsáid atá beartaithe le baint as an bhfoirgneamh i dtéarmaí tacaíocht le forbairt na Gaeilge laistigh den phobal nó limistéar atá i gceist, m.sh. naíonra, naíscoil, ranganna Gaeilge, imeachtaí sóisialta, srl.;
  • leibhéal an chomh-mhaoinithe atá ar fáil ón bpobal áitiúil agus/nó foinsí eile; agus
  • luach ar airgead.

Na critéir a rialaíonn éagsúlachtaí i leibhéil na ndeontas:

  • Leibhéal an tsochair do chur chun cinn na Gaeilge sa bhaile agus thar lear.

Na nósanna imeachta ábhartha um achomhairc agus conas iad sin a rochtain:

Is féidir le hiarrthóirí nach bhfuil sásta le cinntí a dhéantar i dtaca lena n-iarratais achomharc a dhéanamh i scríbhinn chuig an Ard-Rúnaí, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta , 23 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2. Déanfar athbhreithniú a thapúla agus is féidir.

[1] Faoin athstruchtúrú atá beartaithe ar Ranna Rialtais i dTuaisceart Éireann, tiocfaidh Uiscebhealaí Éireann faoi shainchúram na Roinne Infreastruchtúir agus tiocfaidh An Foras Teanga faoi shainchúram na Roinne Pobal.

Twitter

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service