Eagar na Roinne
Tá 580 ball foirne ag obair sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, ar fud réimse leathan ról agus grád.
Gráid Ghinearálta Riaracháin | 58% |
Gráid Ghairmiúla & Theicniúla | 24% |
Gráid Thionsclaíocha | 18% |
Poist sa Roinn
Is ar an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí atá an phríomhfhreagracht maidir le roghnú foirne do phoist sa Státseirbhís. Tá na poist seo faoi réir pholasaithe na Roinne Airgeadais maidir le líon na hearnála poiblí atá i bhfeidhm ag an am sin.
Conas post a fháil sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Déantar earcú chuig gráid Seirbhíse Ginearálta na Státseirbhíse (e.g. Oifigeach Cléireachais, Oifigeach Riaracháin, Príomhoifigeach) go lárnach tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí
Gráid atá sonrach don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta,
Ó am go ham tagann folúntais chun cinn do ghráid atá sonrach don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, (e.g. Cigirí Fiadhúlra sa tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra). Is tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a earcaítear daoine do na poist seo freisin.