Oifigigh Phoiblí Ainmnithe
Déantar foráil san Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 a tháinig i bhfeidhm ar an 1 Meán Fómhair 2015 go ndéanfaidh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí Clár ar líne de ghníomhaíocht bhrústocaireachta a bhunú agus a chothabháil. www.lobbying.ie.
Is é is cuspóir leis an gClár eolas a chur ar fáil don phobal faoi aitheantas na ndaoine sin a bhíonn ag déanamh cumarsáide le hoifigigh phoiblí ainmnithe maidir le polasaí áirithe, cúrsaí reachtaíochta nó cinntí ionchasacha. Ní mór do bhrústocairí tuairisc a thabhairt faoina dteagmháil leis na hOifigigh Phoiblí Ainmnithe.
Éilítear le hAlt 6(4) den Acht go bhfoilseoidh gach comhlacht poiblí liosta d'oifigigh phoiblí ainmnithe an chomhlachta sin. Tá dhá sprioc leis an liosta sin:
- Ligean don phobal na hoifigigh phoiblí ainmnithe a aithint; agus
- Mar acmhainn do bhrústocairí atá ag clárú tuairisc ar an gClár agus ar gá dóibh teacht ar shonraí oifigeach poiblí ainmnithe.
Is iad seo a leanas Oifigigh Phoiblí Ainmnithe na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta faoin reachtaíocht seo:
Na hAirí
Josepha Madigan T.D., an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ministers.office@chg.gov.ie
Seán Kyne T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit ar a bhfuil freagracht as an nGaeilge, an Ghaeltacht agus na hOileáin airestait@chg.gov.ie
Comhairleoirí an Aire
John Keogh, Comhairleoir don Aire Madigan, john.keogh@chg.gov.ie
Cian Connaughton, Comhairleoir don Aire Madigan, cian.connaughton@chg.gov.ie
Bord Bainistíochta
Katherine Licken, Ard-Rúnaí katherine.licken@chg.gov.ie
Conor Falvey, Rúnaí Cúnta le freagracht as Ealaíona, Cultúr, Scannánaíocht & Ceol Conor.Falvey@chg.gov.ie
Niall Ó Donnchú, Rúnaí Cúnta le freagracht as an Oidhreacht Thógtha agus Nádúrtha Niall.Odonnchú@chg.gov.ie
Patricia Murphy, Rúnaí Cúnta le freagracht as Gnóthaí Corporáideacha Patricia.A.Murphy@chg.gov.ie
Aodhán Mac Cormaic Stiúrthóir na Gaeilge aodhan.maccormaic@chg.gov.ie
Tania Banotti, Stiúrthóir Éire Ildánach tania.banotti@chg.gov.ie