Cuimhneacháin
Tá an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta freagrach as cláir a dhéanann comóradh ar roinnt imeachtaí tábhachtacha i stair na hÉireann. Is tionscnamh náisiúnta é Éire 2016 chun cuimhneachán céad bliain Éirí Amach 1916 a chomóradh. Dírítear i gClár Dheich mBliana na gCuimhneachán ar an iliomad cuimhneachán céad bliain atá ag tarlú le linn na tréimhse 2012-2022, ar bhealach a léiríonn meas ar na traidisiúin agus pobail éagsúla ar oileán na hÉireann. Cuimhnítear i gCuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir ar na daoine go léir a d'fhulaing le linn an Ghorta Mhóir 1845 - 1850.
Tá tuilleadh eolais ar fáil trí na naisc ar thaobh clé an leathanaigh seo.