26/08/15

Conradh do Sheirbhís Aeir chuig Oileáin Árann

Tá sé fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu (26  Lúnasa 2015) gurb é an forthairgeoir atá roghnaithe don tseirbhís aeir chuig Oileáin Árann ná Executive Helicopters Limited. Tá sé i gceist go gcuirfidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta (an t-údarás conarthach) conradh i gcrích leis an bhforthairgeoir roghnaithe tar éis an 9 Meán Fómhair nuair a bheidh an tréimhse aithrí caite. Bhí an Oifig um Sholáthar Rialtais freagrach as an bpróiseas soláthar poiblí a reáchtáladh chun tairiscintí a fháil don tseirbhís aeir. Faoin gconradh nua, cuirfear eitiltí fillte laethúla ar fáil ar héileacaptair idir na hoileáin agus Aerfort na Gaillimhe don tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2015 go dtí an 30 Meán Fómhair 2019.

Ag déanamh an fhógra, dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh sé sásta go raibh ar chumas a Roinne conradh nua a aontú a chinnteoidh go mbeidh seirbhís aeir rialta laethúil ar fáil d’Oileáin Árann sna ceithre bliana romhainn. “Tá áthas orm a bheith ábalta an fógra seo a dhéanamh inniu. Cinntíonn an comhaontú idir mo Roinn agus Executive Helicopters Limited go leanfar leis an tseirbhís aeir d’Oileáin Árann sna ceithre bliana romhainn,” a dúirt an tAire Stáit.

Críoch

 

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service