23/06/16

Beagnach €700,000 ceadaithe do Choiste Ionad Cuimhneacháin na nImirceach, Carna, ag an Aire Stáit Kyne

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne T.D., inniu go bhfuil deontas de €699,342 ceadaithe aige do Choiste Ionad Cuimhneacháin na nImirceach, Carna chun cur ar a gcumas Ionad pobal a thógáil i gCarna ar a dtugtar Ionad Cuimhneacháin na nImirceach.

Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne T.D., go raibh an-áthas air  go raibh ar a chumas cuidiú leis an gCoiste seo ionad a thógáil a bheidh mar áis pobail agus mar áis do thurasóirí.  "Creidim go gcuirfidh an t-ionad go mór le ceantar Iorras Aintheach agus go mbeidh sé ina áit lárnach le léargas a fháil ar chultúr an cheantair agus chun aird a dhíriú ar áilleacht nádúrtha Iorras Aintheach ag an am céanna. Tá sé tábhachtach freisin go mbeidh Ionad Cuimhneacháin na nImirceach ina phointe mealltach ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, áit ina féidir le turasóirí taithí a fháil ar ár dteanga dhúchais agus ar thraidisiúin ceoil, amhránaíochta, damhsa, béaloidis agus scéalaíochta atá ar fáil go flúirseach in Iorras Aintheach",  a dúirt an tAire Stáit.

Críoch

 

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service