10/12/15

Comhdháil Náisiúnta á fógairt ag an Taoiseach mar chuid d’Éire 2016

Éire 1916-2016: Gealladh na Ceannasachta Náisiúnta agus na Dúshláin a bhaineann léi

Déardaoin, an 10 Nollaig, 2015: Tá Comhdháil mhór Náisiúnta á fógairt inniu (an 10 Nollaig) ag an Taoiseach, Enda Kenny TD agus an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys, T.D., mar chuid thábhachtach d’Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain.

Beidh mórchomhdháil acadúil náisiúnta an chláir chomórtha 1916-2016 á hostáil ag OÉ Gaillimh an bhliain seo chugainn leis an téama Éire 1916-2016: Gealladh na Ceannasachta Náisiúnta agus na Dúshláin a bhaineann léi. Beidh an chomhdháil ar siúl ón 10-12 Samhain 2016 agus beidh ábhar á chur ar fáil ag réimse mór ollscoileanna agus institiúidí teicneolaíochta as Éirinn, chomh maith le roinnt mórphearsana idirnáisiúnta. Tá lúcháir ar an Roinn Oideachais agus Scileanna freisin tacaíocht a thabhairt don chomhdháil seo agus tá roinnt maoiniú coinnithe siar acu as a gclár comórtha d’Éire 2016 don tionscadal.
Éascófar leis an mórchomhdháil idirnáisiúnta seo scrúdú ar dhá mhórthéama atá ceangailte lena chéile:

  • An fhís agus an uaillmhian a chur idéalaithe agus smaointeoirí as glúin na réabhlóide i stát neamhspleách na hÉireann.
  • Na dúshláin atá le sárú ag stát ceannasach na hÉireann sa bhliain 2016 - agus na físeanna agus uaillmhianacha a ba chóir a bheith mar spreagadh ag muintir na hÉireann agus iad ag tabhairt aghaidh ar an todhchaí

Agus é ag labhairt ag an ócáid, dúirt An Taoiseach Enda Kenny TD: “Is deis é seo chun aitheantas a thabhairt ar ról na n-institiúidí tríú leibhéal i saol na hÉireann agus an méid a dhéanann siad chun cabhrú linn imscrúdú a dhéanamh ar ár stair, machnamh a dhéanamh ar an méid atá bainte amach againn agus súil a chaitheamh ar ár dtodhchaí le chéile. Is tionscnamh náisiúnta í an chomhdháil agus cuireadh do gach ceann dár n-institiúidí tríú leibhéal bheith páirteach linn ag an tráth uathúil seo i stair na hÉireann agus cur leis an smaointeoireacht is fearr atá againn.”

Dúirt an tAire Heather Humphreys: “Ar an bhliain seo chugainn, beidh ár n-institiúidí tríú leibhéal go léir an-ghnóthach; beifear ag óstáil díospóireachtaí agus plé ar an Éirí Amach, ar an 100 bliain atá caite, agus ar an méid atá amach romhainn. Sa Chomhdháil Náisiúnta shuaitheanta seo, a bheidh á hóstáil in OÉ Gaillimh, féachfar ar idéalacha Cheannairí 1916 agus na dúshláin atá le sárú ag glúin na bliana 2016. Cabhróidh ár n-earnáil tríú leibhéal linn tuiscint níos fearr a fháil ar ár stair agus muid ag comóradh cuimhneachán céad bliain Éirí Amach na Cásca, agus ag breathnú ar an gciall atá le hÉireannachas dúinn mar náisiún céad bliain ina dhiaidh.

Beidh an chomhdháil ar siúl ón 10-12 Samhain 2016 agus beidh aoichainteoirí idirnáisiúnta mór le rá ag tabhairt aitheasc ann. Orthu siúd atá deimhnithe cheana féin le bheith ag an gcomhdháil tá: Louise Richardson, Leas-Seansailéir Ollscoil Oxford, Roy Foster, staraí, agus na hacadóirí seo a leanas: an tOllamh Kevin O'Rourke, Mary Daly, Philip Pettit, Brendan O'Leary, agus an Dr Maurice Manning. Beidh aitheasc á thabhairt freisin ag Pátrún na Comhdhála, Micheál D. Ó hUigínn, Uachtarán na hÉireann.

Tá lánseisiúin mhóra beartaithe maidir le Gealladh 1916; Cultúr agus Féiniúlacht i Saol Domhandaithe; Eacnamaíocht, an tSochaí agus Leas Shaoránaigh; agus Na Dúshláin, an Gealladh agus an Fhreagracht a bhaineann le hOideachas san 21ú hAois. Cuirfear críoch leis an gcomhdháil le seisiún ar Thodhchaíochtaí Polaitiúla agus Paraidímí Nua.

Bhí an méid seo le rá ag Cathaoirleach na Comhdhála agus Seansailéir Ollscoil na hÉireann, an Dr. Maurice Manning: “Tá deis den scoth againn le Deich mBliana na gCuimhneachán ár machnamh a dhéanamh mar náisiún agus 100 bliain de neamhspleáchas na hÉireann a scrúdú.  Agus an bhliain chomórtha 100 bliain ag teacht chun deiridh i mí na Samhna 2016, cuirfidh an chomhdháil acadúil náisiúnta seo ar ár gcumas breathnú go forleathan ar conas is féidir le hÉirinn - tír bheag - áit a bhaint amach di féin go hidirnáisiúnta don chéad chéim eile dá forbairt. Creidimid gur deis iontach é seo do lucht acadúil na hÉireann agus do thráchtairí domhanda chun breathnú ar féiniúlacht agus neamhspleáchas na hÉireann agus súil a chaitheamh chun tosaigh ar Éirinn i dtodhchaí dhomhandaithe.

Beidh clár imeachtaí poiblí ar siúl a bheidh bainteach leis an gcomhdháil, agus beidh sé oscailte don phobal. Cuirfear clár mionsonraithe ar fáil go luath in 2016 agus déanfar é a nuashonrú ag www.ireland.ie

Chuir an Dr Jim Browne, Uachtarán Ollscoil na hÉireann Gaillimh, fáilte roimh an bhfógra: “Tá an-áthas ar OÉ Gaillimh an chomhdháil acadúil náisiúnta seo a óstáil ar ár gcampas an bhliain seo chugainn.   Táimid ag súil go mór le fáilte a chur roimh chomhghleacaithe as gach institiúid ardoideachais in Éirinn le haghaidh phlé tábhachtach ar Éire 1916-2016: Gealladh na Ceannasachta Náisiúnta agus na Dúshláin a bhaineann léi.  Cuirimid fáilte freisin roimh ghné phoiblí na hócáide seo agus cinnteoidh muid go mbeidh go leor daoine páirteach i gclár poiblí cainteanna, taispeántas agus ócáidí ar an gcampas agus ar fud na cathrach.”

CRÍOCH

 

Nóta do na hEagarthóirí

Is ionann Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain, atá faoi Stiúir an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., agus clár gníomhaíochta bliana d'fhonn imeachtaí Éirí Amach 1916 a chomóradh, machnamh a dhéanamh ar an méid atá bainte amach againn le 100 bliain anuas agus súil chun tosaigh a chaitheamh ar thodhchaí na hÉireann.  Tá sonraí uile na gClár Contae ar fáil ag www.ireland.ie

 

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service