10/11/16

Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, Conamara á oscailt go hoifigiúil ag an Taoiseach inniu.

Ceann de na meabhrúcháin bhuana atá forbartha mar chuid d'Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain

Déanfaidh an Taoiseach, Enda Kenny, T.D., Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, Conamara a oscailt go hoifigiúil inniu ag Teach an Phiarsaigh, Ros Muc, Co. na Gaillimhe. In éineacht leis an Taoiseach ag an ócáid beidh an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne T.D.

Tá an t-ionad ar cheann de mhórthionscadal caipitil an Rialtais atá mar chuid lárnach den tsnáithe Machnamh Stairiúil i gClár Comórtha Céad Bliain Éire 2016, a fhágfaidh oidhreacht bhuan ag na hócáidí cuimhneacháin.  Is iad na tionscadail eile ionad mór léirmhínithe in Ard-Oifig an Phoist, nuachóiriú na cartlainne míleata ag Dún Chathail Bhrugha, athchóiriú Dhún Richmond, obair ar sheomraí Kevin Barry sa Cheoláras Náisiúnta, ionad nua cuairteoirí i bPríosún Chill Mhaighneann agus forbairt an Mhúsaeim Tionóntáin ar Shráid Henrietta. Anuas orthu sin chuir an Rialtas le líon na dtionscadal freisin trí chinneadh a rinneadh an Séadchomhartha Náisiúnta ag 14-17 Sráid an Mhúraigh a cheannach.

Tá Teach an Phiarsaigh suite i dtaobh tíre álainn i Ros Muc, áit ar chaith Pádraig Mac Piarais, duine de cheannairí Éirí Amach 1916, samhraí na mblianta ó 1909 go 1915. In Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, tá deis ag cuairteoirí léargas a fháil ar an nGaeilge agus ar chultúr na Gaeltachta chomh maith le taitneamh a bhaint as an tírdhreach mórthimpeall Déantar é sin i gcomhthéacs scéal an Phiarsaigh agus trí shúil a chaitheamh ar an méid a mheall go Ros Muc é.

Cuimsítear ceithre eilimint san fhorbairt, lena n-áirítear an t-ionad nua seo do chuairteoirí, Cosán Chonamara (ina bhfuil 10 n-acra agus siúlóidí lúbtha), Slí na Coille (spás léirmhínithe ina ndíreofar ar Phádraig Mac Piarais féin) agus Teach an Phiarsaigh. Tá an fhorbairt faoi chúram Údarás na Gaeltachta mar chuid de ghrúpa stiúrtha a chuimsíonn Comhairle Contae na Gaillimhe, Oifig na nOibreacha Poiblí, Fáilte Éireann agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Agus é ag labhairt ag an ócáid, dúirt an Taoiseach, Enda Kenny TD, an méid seo a leanas: “Tá sé oiriúnach go bhfuil muid ag oscailt an t-ionad seo inniu, ar an 10ú lá de mhí na Samhna. Ní haon chomhtharlú é, gurb é inniu lá breithe an Phiarsaigh, duine de cheannairí Éirí Amach 1916, chomh maith. Ní fhéadfá theacht ar bhealach níos fearr lena bhreithlá a cheiliúradh nó le hómós a thabhairt dó ná ionad cultúrtha nua a oscailt ina ainm ag an láthair seo, ag Teach an Phiarsaigh.  Ní haon rún é go ndeachaigh teanga agus cultúr an cheantair i bhfeidhm go mór ar an bPiarsach nuair a tháinig sé anseo ar dtús i 1903 chun scrúdú Gaeilge a chur ar dhaltaí do Chonradh na Gaeilge. Chomh mór sin, go deimhin, gur shocraigh sé a chuid laethanta saoire gach samhradh, ó 1909 go dtí 1915, a chaitheamh anseo ag Teach an Phiarsaigh.”

“Dar ndóigh bhí ról lárnach ag Pádraig Mac Piarais mar réabhlóidí in imeachtaí Éirí Amach na Cásca 1916. Ach bhí róil tábhachtacha eile aige - mar oideachasóir, mar scríbhneoir agus mar ghníomhaí paiseanta ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta. San ionad léirmhíniúcháin nua seo rinneadh chuile iarracht cur leis an léargas iontach a bhíodh á fháil ag cuairteoirí chuig Teach an Piarsaigh cheana féin. Tugann an t-ionad, freisin, léargas do chuairteoirí ar thábhacht na Gaeilge agus ar thábhacht chultúr na Gaeltachta mar thobar ár n-oidhreachta agus, dar ndóigh, is gnéithe iad seo atá chomh lárnach dár bhféiniúlacht sa lá atá inniu ann is a bhí le linn ré an Phiarsaigh.”

Labhair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne T.D., mar seo a leanas:

"Is cúis mhór ceiliúrtha atá anseo inniu , ag oscailt oifigiúil an ionaid chultúrtha nua seo, ar bhreithlá an Phiarsaigh féin. Ní deacair an rud é a thuiscinttuiscint a fháil ar na nithe ar a thug inspioráid do scríbhneoireacht an Phiarsaigh ch ina chuid scríbhneoireachta agus é ag teacht anseo – an tírdhreach sceirdiúil, an talamh portaigh, na lochanna, na sléibhte agus an fharraige, gan trácht ar theanga agus ar chultúr na ndaoine. Agus caithfidh mé a rá, ag breathnú thart anseo inniu, go bhfuilim den tuairim go bhfuil an-jab déanta ar ó thaobh na gnéithe uilig seo sin a tharraingt le chéile san fhorbairt seo. Táim muiníneach go dtugann na ceithre ghné den fhorbairt – is ‘siad sin an t-ionad cultúrtha, Cosán Chonamara, Slí na Coille agus Teach an Phiarsaigh féin – blaiseadh suntasach do chuairteoirí de na gnéithe seo. Is an-léiriú go deo é an méid atá le feiceáil againn anseo anois ar an tréan-iarracht agus obair chrua atá déanta ag na páirtithe éagsúla uilig thar na blianta, chun luach suntasach breise turasóireachta agus cultúrtha a thabhairt, ní hamháin do phobal Ros Muc, ach do phobal an réigiúin chomh maith”.

Críoch

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service