28/08/19

Seirbhís Fharantóireachta Ró/Ró Árainn Mhór 2019 - 2024

D’fhógair Seán Kyne T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin inniu go bhfuil conradh don tseirbhís thuasluaite bronnta ag a Roinn ar Réalt na Maidne Teoranta. Tiocfaidh an conradh i bhfeidhm ar 1 Meán Fómhair 2019 agus tá sé le seasamh ar feadh chúig bliana. Faoin gconradh seo, cuirfear seirbhís fharantóireachta ró/ró ar fáil idir Árainn Mhór agus Ailt an Chorráin, ar an mórthír.

Ag déanamh an fhógra, dúirt an tAire Stáit go raibh sé sásta go dtabharfadh an conradh seo cinnteacht faoi tseirbhís do phobal an oileáin sna blianta amach romhainn. “Táim sásta go raibh ar chumas mo Roinne próiseas tairisceana a chur i gcrích a chinntíonn seirbhís fharantóireachta d’Árainn Mhór don todhchaí,” a dúirt an tAire Stáit.

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service