16/12/16

Conradh do Sheirbhís Aeir chuig na hOileáin Árann

Tá sé fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne TD, inniu (16 Nollaig) gurb í tairiscint Galway Aviation Services Limited (Aer Árann) ar éirigh léi bheith roghnaithe mar an tairiscint tosaíochta chun seirbhís aeir a chur ar fáil d’Oileáin Árainn faoi Oibleagáid Sheirbhís Phoiblí don tréimhse 1 Eanáir 2017 go dtí 31 Nollaig 2020.  Ní bheifear ábalta conradh i leith na seirbhíse a bhronnadh roimh tréimhse ré aithrí de 14 lá bheith imithe in éag.

Ag déanamh an fhógra, ghlac an tAire Stáit Kyne buíochas leis an Oifig um Sholáthar Rialtais, a stiúradh an próiseas tairisceana.  “Tá a fhios agam gur próiseas fada casta a bhí anseo agus tá mé buíoch do na páirtithe go léir a chuidigh leis an bpróiseas a thabhairt go dtí an pointe seo, ach go háirithe an OGP.  Ní bheidh ar mo chumas aon ráiteas eile a dhéanamh faoin gcinneadh go dtí go mbeidh an tréimhse ré aithrí thart”, a dúirt an tAire Stáit.

Críoch

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service