27/09/16

Síneadh Ar Chonradh Maidir Le Seirbhís Aeir D’Oileáin Árann

Tá fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne TD, inniu (27ú Meán Fómhair 2016) go bhfuil síneadh curtha leis an gconradh atá idir a Roinn agus GASL maidir le seirbhís aeir a chur ar fáil d’Oileáin Árann. Bhí an conradh le críochnú ar 30 Meán Fómhair 2016 ach tá síneadh trí mhí curtha leis anois suas go dtí 31 Nollaig 2016.  Tá próiseas tairisceana, atá faoi cheannas an Oifig um Sholáthar Rialtais, ar siúl faoi láthair d’fhonn conradh nua a mhairfidh ceithre bliana a aontú – conradh a thosóidh ar 1 Eanáir 2017.

Ag déanamh an fhógra maidir leis an síneadh, dúirt an tAire Stáit Kyne: “Tuigim an imní a bhí ar phobail Oileáin Árann le tamall maidir le stádas na seirbhíse aeir tar éis 30 Meán Fómhair. Creidim go bhfreagraíonn an fógra seo an imní sin agus go bhfuil spás anois chun an próiseas tairisceana atá ar siúl a thabhairt chuig conclúid sna seachtainí atá romhainn.”

CRÍOCH

 

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service