Clár Éire Ildánach

Is ionann an Clár Éire Ildánach is cuireadh don tír ar fad páirt a ghlacadh i rud éigin thar a bheith ionspioráideach.
Ina chroílár tá comhoibriú – idir an rialtas láir agus áitiúil, idir cultúr agus tionscal, idir ealaíontóirí agus lucht déanta polasaí – chun an bealach a réiteach do thimpeallacht chruthaitheach.
Thuig an ghlúin réabhlóideach an fhéidearthacht a bhain le cultúr chun an saol a athrú ó bhonn. Le linn na bliana seo, 2016, agus comóradh á dhéanamh againn ar na himeachtaí a raibh bunú ár stáit mar thoradh orthu, d’aimsigh muid arís an chumhacht atá ag an gcruthaitheacht chultúrtha chun pobail a thabhairt le chéile, agus chun ár bhféiniúlacht a threisiú.
Mar gheall air sin, bhí sé soiléir dúinn gur cheart oidhreacht de 2016 a thógáil thart ar ár nósanna cultúrtha. Mar thoradh ar mhórán cur agus cúiteamh, thángthas ar an smaoineamh den chruthaitheacht phearsanta agus choiteann mar chuspóir polasaí.
Is í an rannpháirtíocht ghníomhach leis na healaíona agus le cultúr an bealach is fearr chun an tsamhlaíocht chruthaitheach a chothú. Cuireann cur chun cinn na cruthaitheachta straitéis ar fáil dúinn don fholláine aonair, don chomhtháthú sóisialta agus do rath na heacnamaíochta.
Is plean uaillmhianach an tionscnamh uile-rialtais seo, a d’fhéadfadh a bheith ar cheann de thionscnaimh mhóra thábhachtacha ár linne. Éilíonn sé orainn ar fad páirt a ghlacadh agus muid ag cur ár n-oidhreacht agus ár gcumas saibhir cultúrtha i lár an aonaigh.
Is tionscnamh é a léireoidh cé muid féin do na glúine atá le teacht. Tabharfar ról as an nua dúinn mar phoblacht bheag cheannasach sa saol domhandaithe. Is ráiteas tábhachtach é dúinn féin agus don domhan.
Is iad an cultúr agus an chruthaitheacht na sócmhainní is luachmhaire atá i sochaí ar bith. Tá sé mar dhualgas orainn gach is féidir linn a dhéanamh chun teacht i dtír ar chumas cruthaitheach iomlán ár muintire. Is chuige sin atá an tionscnamh seo.
Cliceáil anseo chun leagan .pdf is féidir a íoslódáil a fháil de chlár.
Sonraí Teagmhála do Clár Éire Ildánach
Clár Éire Ildánach
An Roinn Ealaíon, Oidreachta, Gnóthaí Réigiúnachq, Tuaithe agus Gaeltachta
An Tríú Urlár, Áras an tSeoighigh,
8-11 Sráid Lombard Thoir,
Baile Átha Cliath 2
D02 Y729
Ríomhphost: creativeireland@chg.gov.ie