16/12/15

Ealaíontóirí óga na hÉireann a bhfuil gradaim bainte amach acu i measc an dreama a fuair sparánacht An Chéad Ghlúin Eile ag ócáid speisialta a bhí á hóstáil ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn

 

Bronntar sparánachtaí 16 x 16: An Chéad Ghlúin Eile ar ealaíontóirí nuálacha óga i dtionscnamh speisialta de chuid na Comhairle Ealaíon agus Chlár Comóradh Céad Bliain Éire 2016 mar aitheantas do ról na n-ealaíontóirí in imeachtaí 1916.

Bronnadh 16 sparánacht ar ealaíontóirí, atá ag saothrú i réimsí amhail na físealaíona, an ceol, an litríocht, an scannán, an damhsa, an amharclannaíocht agus an sorcas, chun tacú lena gcleachtas agus lena n-uaillmhian mar réaltaí a bhfuil gealladh mór fúthu sna healaíona comhaimseartha in Éirinn. Gheobhaidh gach ealaíontóir dámhachtain €12,500 agus tabharfar cuireadh dóibh páirt a ghlacadh i gcónaitheacht chomhchoiteann seachtaine in Ionad Tyrone Guthrie, Annamakerrig ón 3 go dtí an 10 Aibreán 2016.

Ag ócáid speisialta in Áras an Uachtaráin inniu chas ocht nduine dhéag den dream óg a fuair sparánachtaí ealaíontóirí An Chéad Ghlúin Eile leis an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn chun a gcuid smaointe agus a gcuid pleananna le haghaidh na bliana seo chugainn a insint dó. Tharraing an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn aird ar an ról a bhí ag ealaíontóirí, agus atá acu fós, ó thaobh sochaí na hÉireann a mhúnlú. Labhair an tUachtarán faoina lárnaí atá an chruthaitheacht agus an cultúr i gcoincheap an daonlathais agus sa cheart atá ag daoine a bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí.

Ag tagairt don chomóradh céad bliain ar Éirí Amach 1916 dó, luaigh an tUachtarán go bhfuil léiriú tugtha ag scríbhneoirí, ag filí, ag ceoltóirí, ag ealaíontóirí agus ag taibheoirí ar stair na poblachta agus go leanann siad de ról suntasach a bheith acu sna himeachtaí agus sna scéalta a chuireann cruth ar stair na hÉireann a léirmhíniú agus a chur i gcomhthéacs.

Is é aidhm shonrach na sparánachta tacú le healaíontóirí gairmiúla ar fud na hÉireann nach bhfuil ach ag tosú amach ina saol gairmiúil agus a bhfuil cleachtas nuálach, uaillmhianach agus bunaidh ar bun acu.

Dúirt Heather Humphreys, an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, freisin: “Is bliain an-speisialta a bheidh sa bhliain 2016 do mhuintir na hÉireann tráth a mbreathnóimid siar ar imeachtaí 1916 agus ar an tionchar a bhí ag an am sin ar fhorbairt ár náisiúnstáit.  Bhí ealaíontóirí i gcroílár an phointe shuntasaigh sin i stair na hÉireann agus tá áthas faoi leith orm go mbeidh ealaíontóirí na hÉireann, agus ár n-ealaíontóirí óga go háirithe, i lár an aonaigh inár gclár comórtha céad bliain an bhliain seo chugainn.  Táim ar bís mar gheall ar raon agus ar éagsúlacht na n-ealaíontóirí óga ar bronnadh na sparánachtaí an-speisialta seo orthu agus guím bliain rathúil bhríomhar orthu agus iad ar tí tabhairt faoin gcéad chéim eile dá dturas ealaíonta.”

Dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: “Tá ríméad orainn a bheith anseo ag ceiliúradh in éineacht leis na healaíontóirí iontacha seo. Tugann na dámhachtainí seo deis iontach do na healaíontóirí a nglór ealaíonta a chothú, a gcleachtas a fhorbairt agus a bhfís a thabhairt chun fíre. Táim ag tnúth leis an saothar ón gCéad Ghlúin Eile a fheiceáil.”

Críoch

 

 

 

Clár Comórtha Céad Bliain Éire 2016, clár atá faoi stiúir Heather Humphreys TD, an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, a mhairfidh bliain amháin agus ina mbeidh gníomhaíochtaí chun comóradh a dhéanamh ar imeachtaí Éirí Amach 1916, chun léiriú a thabhairt ar a bhfuil bainte amach againn le 100 bliain anuas agus chun breathnú chun cinn ar thodhchaí na hÉireann.  Tá na sonraí iomlána maidir le Éire 2016 ar fáil ar www.ireland.ie

 

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service