06/01/20

Conradh bronnta chun seirbhís farantóireachta do phaisinéirí agus seirbhís bus a chur ar fáil d’Inis Bó Finne, Co. na Gaillimhe

Chuir Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne TD, in iúl inniu go bhfuil fóirdheontas €1,540,000 ceadaithe aige chun seirbhís farantóireachta paisinéirí agus seirbhís bus a chur ar fáil d’Inis Bó Finne, Contae na Gaillimhe don tréimhse ón 1 Eanáir 2020 go dtí an 31 Nollaig 2024.

Dúirt an tAire Stáit Kyne go raibh sé an-sásta go raibh sé in ann an fóirdheontas seo a cheadú. ‘Is féidir liom a fhógairt inniu gur bronnadh an conradh seo ar an gcomhlacht, Inishbofin Island Discovery Ltd., i ndiaidh comórtas tairisceana poiblí a reáchtáil mo Roinn.  Tá mé sásta go bhfuil sé ar mo chumas maoiniú a chur ar fáil don tseirbhís thábhachtach seo. Bainfidh muintir Inis Bó Finne agus cuairteoirí chuig an oileán araon leas mór as an  tseirbhís sna cúig bliana amach romhainn,’ a dúirt an tAire Stáit.

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service