23/06/16

Tacaíocht á tabhairt ag Cultúr Éireann don ealaín suiteála Éireannach, Joining the Dots, mar chuid de cheiliúradh cultúir Euro 2016 UEFA i bPáras

Tá lúcháir ar an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, a fhógairt go bhfuil Cultúr Éireann ag tabhairt maoiniú don Centre Culturel Irlandais i bPáras chun ealaín suiteála speisialta a choimeád dar teideal Joining the Dots, leis an mbeirt ealaíontóir Éireannach lonnaithe i bPáras, Cleary Connolly. Beidh an t-ealaín suiteála ar taispeáint sa Place de l’Europe i bPáras, chomh maith le suiteálacha as gach tír atá ag glacadh páirte i gCraobhchomórtas Sacair na hEorpa 2016.

Is tionscnamh de chuid Chathair Pháras é Place de l’Europe chun cultúr na hEorpa a cheiliúradh le linn Euro 2016 le sraith taispeántas agus suiteálacha ealaíne os comhair an Hôtel de Ville, Halla na Cathrach.  Tá clár iléagsúil gníomhaíochtaí á chur ar fáil saor in aisce don phobal ar feadh na turnaiminte.

Rinne an Centre Culturel Irlandais, Páras Cleary Connolly a choimisiúnú go speisialta leis an tsuiteáil a chruthú. Osclóidh an tAmbasadóir Geraldine Byrne Nason an taispeántas, a fhaigheann tacaíocht freisin ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus Ambasáid na hÉireann i bPáras, go hoifigiúil tráthnóna inniu, nuair a chuirfidh an dramadóir agus taibheoir Sonya Kelly agus an ceoltóir agus físealaíontóir Macdara Smyth taibhithe amharclannaíochta agus ceoil i láthair.

Ag labhairt di inniu dúirt an tAire Humphreys:

"Is iontach an rud é go bhfuil cathair Pháras ag úsáid an craobhchomórtas sacair le cultúr na hEorpa a chur chun cinn. Tá cáil ar Pháras as a chruthaitheacht, agus is deis iontach é do Chleary Connolly a gcuid saothar a bheith ar taispeáint i bPuball na hÉireann, go háirithe ag am nuair a bheidh an oiread sin cuairteoirí idirnáisiúnta i bPáras.”

Dúirt an tAmbasadóir Geraldine Byrne Nason:

"Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus Ambasáid na hÉireann bródúil as bheith ag tacú le puball na hÉireann ag an Place de l'Europe, áit atá EURO 2016 á cheiliúradh, agus na himeachtaí féiltiúla atá ag tacú leis an gcomórtas sacair. Mholfainn do chuaiteoirí as Éirinn agus gach áit eile cuairt a thabhairt ar ár bpuball lenár n-ealaín suiteála nuálach spreagúil a fheiceáil lena súile féin óir is sampla den scoth é de chruthaitheacht nua-aimseartha na hÉireann.

Tá Puball na hÉireann i bhfoirm bosca solais ollmhór lena léirítear gearrthóg bheochana bunaithe ar staidéir bhraistinte ar ghluaisne bhitheolaíoch agus gluaiseacht pheileadóirí ach go háirithe. Tá Joining the Dots bunaithe ar obair an tsícifisiceora Sualannach Gunnar Johannson, a léirigh i 1973 nach gá breathnú ina iomláine ar dhuine ag gluaiseacht lena aithint, ach ar chúpla ponc a léiríonn an cnámharlach nó fráma. Chuir na healaíontóirí Éireannacha, Cleary Connolly, na prionsabail sin i bhfeidhm ar staidéar a rinneadh ar pheileadóirí ag gluaiseacht, gach duine acu léirithe le trí phonc déag ag gluaiseacht. Cruthaíonn na figiúirí sin suiteáil a léiríonn cruthaitheacht na hÉireann agus atá lonrach bríomhar.

Úsáideann Cleary Connolly teicneolaíochtaí nua chun eispéireas tarraingteach a chur ar fáil don lucht feáchana. Tá a gcuid saothair curtha ar taispeáint acu go hidirnáisiúnta, go háirithe i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann, Baile Átha Cliath; The Barbican, Londain; le Centre Pompidou, Páras; Secs Pompéia, São Paulo; Yokohama Triennial, an tSeapáin; An Gailearaí Náisiúnta, Prág; Centre Culturel Irlandais, Páras; Lumière i nDoire in 2013 agus Lumière in Durham in 2015.

Tá rogha troscán nua-aimseartha lámhdhéanta, ceaptha ag WhackPack, Éire ar taispeáint freisin i bPuball Náisiúnta na hÉireann.

 

Nóta do na hEagarthóirí:

Tá Puball na hÉireann ar oscailt go dtí an 10 Iúil:

Dé Céadaoin – Dé Domhnaigh: 1pm – 10pm

Dúnta Dé Luain agus Dé Máirt

Place de l’Europe Pavillon Irlande Place de l'Hôtel de Ville de Paris (bealach isteach ag Avenue Victoria)

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le do thoil leis an mBainisteoir Tionscadail, Hannah Rickard, sa Centre Culturel Irlandais

assistant@centreculturelirlandais.com

 

 

 

 

 

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service