14/09/17

Ómós léirithe ag an Aire Humphreys do JP Donleavy

 Tá a comhbhrón curtha in iúl ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD maidir le bás JP Donleavy.

Níos túisce inniu, dúirt an tAire Humphreys:

“Cé gur mba as Nua-Eabhrac é JP, ba as Éirinn a thuismitheoirí.  I ndiaidh dó fónamh i gCabhlach Mheiriceá le linn an Dara Cogadh Domhanda bhain sé leas as an mBille G.I. chun freastal ar Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.   Chaith sé na blianta is fearr ó thaobh a chuid oibre i Londain, ar Oileán Mhanann agus anseo in Éirinn.

“Óna chéad shaothar The Ginger Man i 1955, go dtí obair mhór eile dá chuid ina measc A Singular Man, The Beastly Beatitudes of Balthazar B agus A Fairytale of New York, áirítear saothar JP i measc shaothar a chomhscríbhneoirí agus a chairde, leithéid Patrick Kavanagh, Brian O' Nolan (Flann O'Brian) agus Brendan Behan.

“Teistiméireacht don mhéid atá déanta aige i dtaobh litríocht na hÉireann is ea gur bronnadh Gradam Saoil Bob Hughes air ag Gradam Leabhar na hÉireann Bhord Gáis Energy in 2015.  Go deimhin, nuair a thráchtfar ar litríocht mhór an 20ú haois, beidh ainm JP Donleavey sa gcomhaireamh freisin.

“Ba mhaith liom a bhás a chásamh lena mhuintir agus a chairde."

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service