Ómós léirithe ag an Aire Humphreys do JP Donleavy
Tá a comhbhrón curtha in iúl ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD maidir le bás JP Donleavy.
Níos túisce inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Cé gur mba as Nua-Eabhrac é JP, ba as Éirinn a thuismitheoirí. I ndiaidh dó fónamh i gCabhlach Mheiriceá le linn an Dara Cogadh Domhanda bhain sé leas as an mBille G.I. chun freastal ar Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Chaith sé na blianta is fearr ó thaobh a chuid oibre i Londain, ar Oileán Mhanann agus anseo in Éirinn.
“Óna chéad shaothar The Ginger Man i 1955, go dtí obair mhór eile dá chuid ina measc A Singular Man, The Beastly Beatitudes of Balthazar B agus A Fairytale of New York, áirítear saothar JP i measc shaothar a chomhscríbhneoirí agus a chairde, leithéid Patrick Kavanagh, Brian O' Nolan (Flann O'Brian) agus Brendan Behan.
“Teistiméireacht don mhéid atá déanta aige i dtaobh litríocht na hÉireann is ea gur bronnadh Gradam Saoil Bob Hughes air ag Gradam Leabhar na hÉireann Bhord Gáis Energy in 2015. Go deimhin, nuair a thráchtfar ar litríocht mhór an 20ú haois, beidh ainm JP Donleavey sa gcomhaireamh freisin.
“Ba mhaith liom a bhás a chásamh lena mhuintir agus a chairde."
CRÍOCH