06/08/19

Tapaigh an Deis: Fiosraigh agus Cuir Eolas ar an gCuid is Fearr den Ealaín Chomhaimseartha

Tá cultúr na hÉireann lán de spleodar, d'fhuinneamh agus smaointe ceannródaíocha agus cleachtaí nuálacha, a bhfuil spéis ag an domhan mór iontu. Tá Oíche Chultúir ag iarraidh ar mhuintir na hÉireann an deis a thapú chun dul amach agus tacaíocht a thabhairt don lucht cruthaithe cultúir, idir mhór agus bheag, ar fud na tíre Dé hAoine an 20 Meán Fómhair. Cuir eolas ar an gcuid is fearr den ealaín chomhaimseartha a thaispeánfar ar go leor bealaí. Beidh rud éigin le feiceáil i ngach uile áit beo, idir bheochan iontach agus fhortheilgin solais iontacha, scéalta den scoth agus léirithe spleodracha, thaispeántais spreagúla agus cheolchoirmeacha a bhainfidh an anáil díot. Seoladh an clár don Oíche Chultúir inniu agus is féidir féachaint air anois agwww.culturenight.ie

Oíche náisiúnta chun ócáidí agus imeachtaí a roinnt an rud is mó atá i gceist leis an Oíche Chultúir, a chuireann ár gcultúr luachmhar agus ilchineálach ar fáil do chách. Tá roinnt athruithe tagtha ar chúrsaí cultúir in Éirinn le blianta beaga anuas agus tá an lucht eagraithe ag iarraidh ar dhaoine idir óg agus aosta agus de thuairimí cultúir éagsúla teacht amach, sult a bhaint as an oíche agus tacaíocht a thabhairt don oíche. Tá Oíche Chultúir ar an taispeántas oíche is mó in Éirinn ina mbeidh 4,000+ imeachtaí saor in aisce ar siúl agus cuirfear níos mó imeachtaí leis sin sna seachtainí atá amach romhainn. Tá súil ag an lucht eagraithe go mbeidh siad in ann cur leis an slua iontach 400,000 duine a d'fhreastail ar imeacht na bliana seo caite chun blaiseadh d'ealaíona agus de chultúr na hÉireann a fháil.

Dúirt Josepha Madigan, An tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta: “'Faoi chumhdach an chultúir' téama Oíche Chultúir 2019 agus is é sin go díreach a mholaim do dhaoine a dhéanamh Dé hAoine an 20 Meán Fómhair nuair a bheidh Oíche Chultúir ar siúl arís i mbailte agus cathracha ar fud na tíre agus nuair a dhéanfar ceiliúradh ar gach cineál cultúir. Gach bliain, ceann de na nithe is mó a thaitníonn liom a dhéanamh ná dul amach agus sult a bhaint as gnéithe eile den chultúir nach bhfuil feicthe agam roimhe seo. Beidh na mílte imeachtaí ar siúl agus molaim duit leas a bhaint as an gclár iontach. Beidh rud éigin ar siúl i ngach ceantar timpeall na tíre agus beidh daoine idir óg agus aosta in ann sult a bhaint as na himeachtaí".

Beidh clár cailéideascópach ar fáil i mbliana d'Oíche Chultúir ina mbeidh gnéithe sainiúla de mhuintir na hÉireann -  cruthaitheacht, scéalaíocht agus ár gcultúr ar leith. I measc na n-imeachtaí a bheidh ar siúl sa phríomhchathair i mbliana beidh an t-amhránaí Lisa Hannigan i mbun léiriú ceolmhar mar chuid de chomhshaothar leis an ealaíontóir Dorothy Cross in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann; is mór an méid a deirtear trí phictiúir agus úsáidfidh Artistic Liberties portráidí chun scéal an cheantair ilchultúrtha seo a insint; Músaem Litríochta nua na hÉireann ina bhfuil déantáin Joyceacha ríluachmhara; beidh pictiúrlann taobh amuigh i Mol Digiteach Bhaile Átha Cliath 8 i gcomhar le Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath Virgin Media agus Margadh Oíche na Míolta Bhaile Átha Cliath; déanfaidh Mol an tSeomra Fhada i gColáiste na Tríonóide ceiliúradh ar Terry Pratchett agus an ceangal atá aige leis an gcoláiste; agus óstálfaidh Spirasi agus OT Bhaile Átha Cliath Time As Form, taispeántas do shaothair atá déanta ag ealaíontóirí iarrtha tearmainn agus dídeanaí fad agus a bhí siad ag téarnamh agus ag teacht ar ais chucu féin arís in Éirinn.

Beidh RTÉ ag obair i gcomhpháirtíocht le hOíche Chultúir arís i mbliana chun taispeántais agus eispéiris a chur ar fáil don phobal le linn an tráthnóna. Beidh an cheolchoirm cháiliúil amuigh faoin aer, a bheidh ar fáil saor in aisce agus á craoladh beo ag RTÉ Radio 1, ar siúl arís laistigh de bhallaí stairiúla eibhir Chearnóg Uí Chléirigh, Ard-Mhúsaem na hÉireann - Na hEalaíona Maisiúla agus Stair, Dún Uí Choileáin. Tráthnóna mór siamsaíochta a bheidh ann do theaghlaigh ina mbeidh ceol beo, filíocht ó bhéal agus damhsa ar siúl i dteannta Cheolfhoireann RTÉ. I measc na gceoltóirí a bheidh i mbun ceoil ar an oíche ná banna a bhfuil an-tóir orthu Aslan, ealaíontóir hip-hop atá ag teacht chun cinn ina réalta idirnáisiúnta Jafaris, Kilfenora Céilí Band a bhfuil cáil air i gcónaí, amhránaí ceoldrámaíochta mór le rá as Éirinn Celine Byrne agus go leor eile atá le fógairt go fóill.

Beidh imeachtaí ar siúl ar fud na tíre lena n-áirítear Waiting Tables for Godot in Amharclann an Ghrianáin, Dún na nGall, dráma greannmhar agus broidiúil faoi chúpla cónasctha atá ag obair ina bhfreastalaithe agus atá ag fanacht le Godot; Seó Tinte Iontach mar chuid d'Fhéile Ealaíon Sorcais Pitch'd a lasfaidh na spéartha i gcathair Chorcaí; An Clochán, déanfaidh Gaillimh 100 bliain ó rinneadh an chéad eitilt trasatlantach a chomóradh tríd an gclár faisnéise Yesterday we were in America a thaispeáint; cuirfidh an file Rafeef Ziadah as an bPalaistín Sendiana i láthair, léiriú tochtmhar, láidir agus pearsanta maidir le forghabháil, deoraí agus sceimhlitheoireacht a chuimhneamh agus a cheistiú ag Amharclann Hawk's Well i Sligeach.

Beidh athléiriú de Dhráma Stairiúil Ghleann Caoin a scríobh an t-údar áitiúil John Connors a dhéanfaidh comóradh ar Éirí Amach na bhFíníní 1867 agus úsáidfear sráideanna an tsráidbhaile mar stáitse; cuirfidh Rhyme Rag Ensemble, grúpa scríbhneoirí atá ina gcuid déaga, a gcuid filíochta i láthair le linn léiriú 30 nóiméad i gCill Chainnigh; cuirfidh Cór Pobail Ard Chúram, faoi stiúir an tsopráin Mary Culloty O'Sullivan, Together in Song i láthair i Lios Tuathail, Contae Chiarraí; agus tiocfaidh Seinnteoirí Ucailéile Cheatharlach le chéile in éineacht le Cór High Hopes, a bhfuil taithí acu ar chúraí easpa dídine, chun meascán idir bailéid na hÉireann agus popamhráin a chanadh!

I measc na n-imeachtaí Gaeilge a bheidh ar siúl le linn na hOíche Cultúir, beidh deis ag daoine turas a thabhairt ar Chonradh na Gaeilge chun a thuilleadh a fháil amach faoi Athbheochan na Gaeilge, agus beidh tráthnóna de cheachtanna rince seit agus rince céilí na hÉireann, ceol traidisiúnta, rince, amhránaíochta, agus cúpla focal ar siúl in Ionad Cultúir Áras Chrónáin.

Mar a bhí riamh, beidh láithreacht ar líne ag Oíche Chultúir agus iarrtar ar dhaoine a bhfuil spéis acu sa chultúr breathnú ar an láithreán gréasáin lena gcuid pleananna agus bealaí a shocrú roimh ré d'Oíche Chultúir. Beidh Podchraoladh na hOíche Cultúir, a dhéantar i gcomhar le Líonra Podchraolta Headstuff, ar ais arís le seanchairde agus daoine nua atá ag teacht chun cinn. Pléifidh siad gnéithe éagsúla cultúir amhail an tábhacht a bhaineann le hinbhuanaitheacht agus éagsúlacht sna healaíona. Is féidir teacht ar eipeasóidí a bheidh ar fáil lena n-íoslódáil ar na hardáin uile ag  www.culturenight.ieó Mheán Fómhair, a chuirfidh faobhar ar do ghoile maidir leis na gníomhaíochtaí ardspraíúla a bheidh ar siúl mar chuid d'Oíche Chultúir 2019.

Beidh lucht spéise an chultúir ábalta breathnú ar gach cearn den chathair saor in aisce ar na busanna a chuirfidh an páirtnéir iompair Bus Áth Cliath ar fáil don oíche. I gCorcaigh, cuirfidh Bus É‏ireann trí bhusbhealach ar fáil saor in aisce chun freastal ar na daoine a bheidh ar tóir an chultúir ar an oíche agus beidh 100 pas taistil do theaghlaigh á dtairiscint ag Iarnród Éireann le linn na hOíche Cultúir.

Is í an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a dhéanann maoiniú ar an Oíche Chultúir i gcomhar leis na hoifigí réigiúnacha ealaíon, údaráis áitiúla, agus eagraíochtaí cultúir ar fud na hÉireann.

Bígí páirteach sa chomhrá ar líne @CultureNight ar Facebook, Twitter agus Instagram, ag úsáid #CultureNight  #OícheChultúir

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service