01/04/19

Freastlaíonn an tAire ar Chlár Oibre an AE ar Oidhreacht Chultúrtha

An chéad de thrí chomhdhálacha trasna na hEorpa tionólta i mBaile Átha Cliath

Beidh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan TD in éineacht le Coimisinéir Oideachais, Cultúir, Óige agus Spóirt an AE Tibor Navracsics agus Uachtarán Choiste Sóisialta agus Eacnamaíoch na hEorpa Luca Jahier ag Clár Oibre Bhaile Átha Cliath inniu ar Thodhchaí Oidhreacht Chultúrtha, óstáilte ag an gCoimisiún Eorpach.

Tá an Coimisiún Eorpach ag láinseáil sraith de Chláracha Oibre: pléchruinnithe ar thodhchaí oidhreachta, a chuimseoidh machnamh nuálach ar shaincheisteanna bainteach le polasaithe bunaithe ar eispéireas na n-institiúidí a thugtar cuireadh dóibh bheith páirteach ann, na páirtithe leasmhara, agus pobail mórthimpeall an domhain.

Beidh Clár Oibre Bhaile Átha Cliath – an chéad de thrí Chláracha Oibre pleanáilte mórthimpeall na hEorpa – bunaithe ar théama na nuálaíochta sóisialta agus pléifidh sé athbheochan phobail tuaithe, sluafhoinsiú réitigh chiallmhara do dhúshláin shochaíocha, agus síochánaíocht dhomhanda.

Dúirt an tAire Madigan:

"Anois níos mó ná riamh, tá sé tábhachtach dúinn go léir aitheantas a thabhairt dár n-oidhreacht Eorpach roinnte – agus na nascanna a ghineann sé eadrainn."

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service