€10,000 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh chun comórtas peile faoi 17 mbliana d’aois a reáchtáil i nGaeltacht Dhún na nGall
D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, T.D., inniu go bhfuil deontas de €10,000 ceadaithe aige do Choiste F17 7 an Taobh, Casla, chun go mbeidh ar a gcumas comórtas peile faoi 17 mbliana d’aois a reáchtáil i nGaeltacht Dhún na nGall go luath.
“Is i nGaeltacht na Gaillimhe a reáchtáladh an comórtas seo le 6 bhliana anuas agus tá áthas orm a rá go mbeidh sé á reáchtáil i dTír Chonaill den chéad uair i mbliana,” a dúirt an tAire Stáit. Glacann foirne ó na Gaeltachtaí éagsúla páirt sa chomórtas bliantúil seo.
Dúirt an tAire Stáit go raibh áthas air a bheith in ann a leithéid de dheontas a chur ar fáil agus go bhfuil tionchar fíorthábhachtach ag tograí den chineál seo ar bhuanú agus cur chun cinn na Gaeilge i measc an aosa óig.
CRÍOCH