17/11/16

€12,640 ceadaithe do Thearmann Éanna, Co na Gaillimhe ag an Aire Stáit Kyne

D’fhógair Seán Kyne T.D.,  an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, inniu go  bhfuil deontas suas le €12,640  ceadaithe aige do Thearmann Éanna Teo., Baile na hAbhann, Co na Gaillimhe chun cuidiú leo veain nua a cheannach.

Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit go raibh an-áthas air an deontas a chur ar fáil. “Is aitheantas é an deontas seo don obair fhónta atá ar siúl ar bhonn leanúnach san ionad seo, ag cur an tseirbhís Béile ar Rothaí ar fáil do sheanóirí Ghaeltacht Chonamara”, a dúirt an tAire Stáit.

Críoch

 

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service