16/11/16

€12,762 ceadaithe do CLG Chill Chartha ag an Aire Stáit Kyne

Tá fógartha ag Seán Kyne T.D., an t-Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta,  go  bhfuil deontas suas le €12,762 ceadaithe aige do Chumann Lúthchleas Gael Chill Chartha, Co. Dhún na nGall.

Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit Kyne go raibh an-áthas air deontas a chur ar fáil a chuideoidh leis an gcumann binsí agus áiseanna eile a thógáil ar an bpáirc peile - a bheadh ann do mhuintir na háite agus imreoirí araon.

Críoch

 

 

 

 

 

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service