03/02/17
€14,180 ceadaithe ag an Aire Stáit Kyne do Phobalscoil Chorca Dhuibhne
D’fhógair Seán Kyne T.D., an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, inniu go bhfuil deontas de €14,180 ceadaithe aige do Phobalscoil Chorca Dhuibhne chun trealamh spóirt a cheannach.
Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit Kyne go raibh sé an-sásta an deontas a cheadú. ‘Tá áthas orm gur féidir liom tacaíocht a thabhairt don scoil ghníomhach cheannródaíoch seo ina bhfuil traidisiún láidir Gaelach agus guím gach rath ar a gcuid oibre.’
Críoch