17/11/15

€15,610 ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh T.D., d’Fhorbairt Chonamara Láir.

D’fhógair an  tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go  bhfuil deontas €15,610 ceadaithe aige d’Fhorbairt Chonamara Láir, Carna, Co na Gaillimhe, chun cur ar a gcumas trealamh a cheannach don chlós spraoi atá acu i gCarna.

Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh sé an-sásta an deontas a chur ar fáil don chomharchumann gníomhach seo a chuideoidh leo ina gcuid oibre ag cur na Gaeilge chun cinn sa cheantar.

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service