€18,855 ceadaithe ag Seán Kyne T.D., an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, do Ghairmscoil Mhic Diarmada, Árainn Mhór, Co Dhún na nGall
D’fhógair Seán Kyne T.D., an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, inniu go bhfuil deontas suas le €18,855 ceadaithe aige do Ghairmscoil Mhic Diarmada, Árainn Mór, Co. Dhún na nGall, chun tuilsoilse a chur ar an bpáirc uile-aimsire ar an Oileán.
Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit go raibh sé sásta go raibh ar a chumas cuidiú le Gairmscoil Mhic Diarmada na hoibreacha seo a dhéanamh. “Tuigim go mbíonn éileamh mór ar an bpáirc seo agus cabhróidh na soilse go mór, i rith an gheimhridh ach go háirithe, chun traenáil nó cluichí a eagrú san oíche,” a dúirt an tAire Stáit.
CRÍOCH