11/09/15
€19,200 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Choiste Tacaíochta na nEalaíon Dúchasach in Iorras Aithneach
D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go bhfuil deontas de €19,200 ceadaithe aige chun tacú le cur chun cinn an cheoil, na hamhránaíochta agus an damhsa in Iorras Aithneach i nGaeltacht Chonamara. Íocfar an deontas tríd an nGaelacadamh.
Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit McHugh:
"Tá áthas orm an deontas seo a chur ar fáil ionas go leanfaidh Iorras Aithneach mar cheantar a mbeidh an ceol agus an amhránaíocht go láidir ann sna blianta amach romhainn."
Críoch