10/11/15

€20,250 ceadaithe ag an Aire Stáit Joe McHugh T.D. do Spleodar

D’fhógair an  tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, T.D., inniu  go bhfuil deontas €20,250 ceadaithe aige do Choláiste Gaeilge Spleodar, Co na Gaillimhe, chun cur ar a gcumas mionbhus a cheannach do chúrsa nua a bheidh ar siúl acu i dTír an Fhia an samhraidh seo chugainn.

Ag fógairt an deontais, dúirt an tAire Stáit  McHugh go raibh sé an-sásta deontas a chur ar fáil don Choláiste seo a chuideoidh leo cúrsaí sa bhreis a chur ar fáil agus, ar na mbealach sin, an Ghaeilge a chur chun cinn agus daoine óga a spreagadh chun í a úsáid.

CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service