12/01/16
€2,400 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Scoil Mhuire, Caiseal, Co Dhún na nGall.
D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go bhfuil deontas de €2,400 ceadaithe aige do Scoil Mhuire Caiseal, Co Dhún na nGall, chun trealamh spóirt a cheannach.
Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh sé an-sásta éa cheadú. ‘Tá lúcháir orm bheith in ann tacú leis an scoil ghníomhach cheannródaíoch seo ina bhfuil traidisiún láidir Gaelach agus guím gach rath ar a gcuid oibre.’
Críoch