14/09/15
€2,500 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Bhuíon Ceoil Dhobhair
D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go bhfuil deontas de €2,500 ceadaithe aige do Choiste Forbartha Dhobhair, An Bun Beag, chun cur ar a gcumas cultacha nua a cheannach do Bhanna Ceoil Dhobhair.
Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh an-áthas air an deontas a chur ar fáil. Beidh an Banna Ceoil ag glacadh páirte i bParáid na Féile Pádraig an bhliain seo chugainn i Nua Eabhrac.
Críoch