27/09/17

Deontas €33,600 ceadaithe do Oidhreacht Chorca Dhuibhne chun comhordaitheoir Gaeilge a fhostú i bPobalscoil Chorca Dhuibhne don scoilbhliain 2017/2018

D’fhógair Joe McHugh T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don  Ghaeltacht agus do na hOileáin inniu go bhfuil deontas suas le €33,600 ceadaithe aige d’Oidhreacht Chorca Dhuibhne chun cur ar a gcumas Comhordaitheoir Gaeilge a fhostú i bPobalscoil Chorca Dhuibhne.

Dúirt an tAire Stáit: “Tá tionchar fíor-thábhachtach ag Pobalscoil Chorca Dhuibhne ar bhuanú agus cur chun cinn na Gaeilge sa leithinis. Is beartas fónta é seo a léiríonn tiomantas mo Roinne tacú le cur i bhfeidhm rathúil na Straitéise 20 bliain don Ghaeilge dá réir”.

Nóta don eagarthóir

Is é cúram an chomhordaitheora seo tacú le scoláirí atá ar bheagán Gaeilge le go mbeadh siad in ann an tairbhe is fearr a fháil as a gcuid oideachais sa Phobalscoil.

 CRÍOCH

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service