€48,615 ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh Uasal T.D., do Chlós Súgartha Mhíobhaí i gCarraig Airt
Tá fógartha ag an Aire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Joe McHugh TD., go bhfuil deontas de €48,615 ceadaithe aige do Choiste Chlós Súgartha Mhíobhaí, Carraig Airt, Co Dhún na nGall chun a chur ar a gcumas páirc súgartha a fhorbairt.
Ag fógairt an deontais dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh sé an-sásta go raibh ar a chumas an cúnamh seo a chur ar fáil do cheantar Charraig Airt. "Is aitheantas é an deontas seo ar an obair mhaith atá ar siúl ag Coiste Chlós Súgartha Mhíobhaí agus tá mé den tuairim go gcuirfidh an áis seo go mór leis an gceantar agus le cur chun cinn na Gaeilge” a dúirt an tAire Stáit.
Críoch