01/12/16

€49,469 ceadaithe do Choiste Spreagadh na nAosach, Carna ag an Aire Stáit Kyne

D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne T.D., inniu go  bhfuil deontas de €49,469 ceadaithe aige do Choiste Spreagadh na nAosach, Carna, Co. na Gaillimhe,  chun mionbhus atá feiliúnach do chathaoir rotha a cheannach.

Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Kyne go raibh an-áthas air an deontas a chur ar fáil don Choiste. “Is seirbhís iontach tábhachtach í seo do cheantar Iorrais Aithneach mar go dtugann sé an deis do sheanóirí teagmháil bheith acu leis an saol mór – teagmháil d’fhéadfadh a bheith ceilte uathu murach an tseirbhís thábhachtach seo”.

Críoch

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service