10/09/15
€5,270 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Chairde na Crannóige i Ros Muc
D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, T.D., inniu go bhfuil deontas de €5,270 ceadaithe aige do Chairde na Crannóige i Ros Muc, Co na Gaillimhe, chun cur ar a gcumas oibreacha slándála a chur i gcrích.
Bíonn áiseanna na Crannóige in úsáid ag an bpobal áitiúil agus ag Coláiste na bhFiann araon
Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh sé an-sásta go raibh ar a chumas a leithéid de dheontas a chur ar fáil.
Críoch