03/09/15

€69,196 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Mhuintearas Teo. do Chlár Aclaíochta

D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., go bhfuil deontas de €69,196 ceadaithe aige do Mhuintearas Teo. le haghaidh Clár Aclaíochta i mbunscoileanna i nGaeltacht Chonamara don scoilbhliain 2015/2016.

Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit McHugh:

Tá mé sásta an cúnamh seo a chur ar fáil do Mhuintearas don chlár seo sa dóigh is go mbeidh ar a gcumas leanúint leo ag soláthar seirbhís thábhachtach do theaghlaigh Gaeltachta atá ag tógáil clainne le Gaeilge.”

Críoch

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service