12/09/16

€7,279 ceadaithe d’Fhorbairt Pobail Mhaigh Cuilinn ag an Aire Stáit Kyne

Tá sé fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne T.D., go bhfuil deontas suas le €7,279 ceadaithe aige do ghrúpa pobail deonach - Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn - chun cuidiú leo oibreacha riachtanacha a dhéanamh ar Áras Uilinn, Maigh Cuilinn.

 Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit Kyne "Tá obair thar barr á déanamh ag an gCoiste gníomhach seo le blianta beaga anuas, go háirithe maidir le cur chun cinn na Gaeilge sa gceantar agus tá áthas orm an deontas seo a fhógairt le cur ar a gcumas cur leis an dea-obair sin."

Críoch

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service