20/08/15

€7,514 ceadaithe do CLG Lios Póil ag an Aire Stáit McHugh

Tá fógartha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta,  Joe McHugh T.D., go  bhfuil deontas €7,514 ceadaithe aige do Chumann Lúthchleas Gael Lios Póil, Co Chiarraí.

Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh an-áthas ar a bheith in ann cúnamh a chur ar fáil le go mbeidh an cumann ábalta oibreacha córas aláram dóiteáin agus soilse éigeandála a insealbhú. Tá na hoibreacha seo riachtanach ionas gur féidir na háiseanna a úsáid mar choláiste Gaeilge.

Críoch

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service