22/11/16

€7,832 ceadaithe do Choiste Ionad Pobail Charraig Uí Bhaoill ag an Aire Stáit Kyne

D’fhógair  Seán Kyne T.D., an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, inniu go bhfuil deontas de €7,832 ceadaithe aige do Choiste Ionad Pobail Charraig Uí Bhaoill chun  oibreacha riachtanacha a chur i gcrích agus trealamh áirithe  a cheannach.

Ag fógairt an deontais dó dúirt an tAire Stáit Kyne go raibh an-áthas air cúnamh a chur ar fáil don choiste gníomhach seo a fheidhmíonn trí Ghaeilge agus a chuireann imeachtaí sóisialta agus spóirt ar fáil do phobal an cheantair, idir óg agus aosta.

Críoch

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service