€90,660 ceadaithe do Ghael-Taca don bhliain 2015 ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D.
D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Joe McHugh T.D., inniu go bhfuil deontas reáchtála de€43,517 ceadaithe aige do Ghael-Taca i gCathair Chorcaí don tréimhse 1 Meitheamh 2015 go 31 Nollaig 2015. Tá an deontas seo de bhreis ar an €47,143 a ceadaíodh cheana don chéad sé mhí den bhliain, rud a chiallaíonn go bhfuil deontas iomlán de €90,660 ceadaithe don bhliain 2015.
Is eagraíocht margaíochta don Ghaeilge í Gael-Taca a bhfuil sé mar phríomhaidhm aici an Ghaeilge a bheith níos feiceálaí i gCathair Chorcaí trí dhlúthchaidreamh a chothú le pobal gnó na cathrach agus trí thacú leis an bpobal breis úsáide a bhaint as an nGaeilge.
Cuireann an eagraíocht an Ghaeilge i láthair an phobail ar bhonn leanúnach trí lucht gnó a mhealladh chun fógraíocht i nGaeilge a úsáid i réimse leathan earnálacha agus gnó, ina measc siopaí, ollmhargaí, bainc, seirbhísí poiblí agus seirbhísí eile. Oibríonn Gael-Taca go dlúth le Comhairle Cathrach agus Comhairle Contae Chorcaí agus grúpaí eile chun íomhá Ghaeilge Chorcaí a láidriú.
“Tá áthas orm an deontas seo a fhógairt. Aithníonn mo Roinn an ról tábhachtach atá ag Gael-Taca agus an Ghaeilge á cur chun cinn aici i gCorcaigh,” a dúirt an tAire Stáit.
Críoch