03/11/15

€9,543 ceadaithe ag an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., do Chumann Peile Cheiltigh Ghaoth Dobhair

D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu go bhfuil deontas €9,543 ceadaithe aige do Chumann Peile Cheiltigh Ghaoth Dobhair chun cur ar a gcumas trealamh áirithe a cheannach.

Dúirt an tAire Stáit McHugh agus é ag fógairt an deontais, Tá rannpháirtíocht i spóirt ina acmhainn luachmhar i bhforbairt shóisialta, phearsanta agus mothúcháin an duine.  Tá sé tábhachtach chomh maith go leagfaí síos bunchloch chun deis a thabhairt do gach duine páirt a ghlacadh i spóirt de chineál inteacht i ngach áit sa tír.  Tá áthas orm, mar sin, an deontas seo a chur ar fáil do Cheiltigh Ghaoth Dobhair mar aitheantas ar an sár-obair atá ar siúl acu i bhforbairt an aois óig.”

 

Críoch

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara,Baile Átha Cliath - D02 TD30 (01) 631 3800 / Íosghlao: 1890 383 000

Dearadh & Forbairt ag Fusio

Vision One Civil Service