An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
Cúlra
Foilsíodh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ar an 21 Nollaig 2010, tar éis don Straitéis tacaíocht traspháirtí a fháil i dTithe an Oireachtais.
Cuireann an Straitéis cur chuige iomlánaíoch, comhtháite i ndáil leis an nGaeilge chun cinn - cur chuige a luíonn le dea-chleachtas idirnáisiúnta. Eascraíonn an Straitéis as próiseas comhairliúcháin agus taighde, lena n-áirítear tuarascáil a rinneadh don Roinn (Ollscoil Chathair BÁC, 2009), an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (OÉ Gaillimh & OÉ Má Nuad, 2007) agus tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta (2002).
Déantar tagairt sonrach sa Chlár do Rialtas Comhpháirtíochta, a foilsíodh i 2016, don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus maítear go bhfuil sé riachtanach don Rialtas í a chur i bhfeidhm ar bhonn críochnúil.
Spriocanna na Straitéise
Is iad cuspóirí sonracha na Straitéise ná:
- an líon daoine a labhraíonn Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais a ardú ó 83,000 go 250,000;
- an líon daoine a labhraíonn Gaeilge sa Ghaeltacht gach lá a ardú 25%; agus
- an líon daoine a úsáideann seirbhísí Stáit trí Ghaeilge, agus atá in ann teilifís, raidió agus na meáin chlóite a rochtain tríd an teanga, a mhéadú.
Cur chuige céimnithe
Aithnítear sa Straitéis féin go bhfuil gá le cur chuige céimnithe chun bearta éagsúla na Straitéise a chur i gcrích. Sonraítear ceithre chéim a bhaineann leis an bpróiseas, eadhon:
- Céim an Bhunaithe ina ndíreofar ar dhaoine a chur ar an eolas faoi spriocanna agus ábhar na Straitéise agus ar bhunú na struchtúr eagraíochtúil agus oibríochtúil;
- Céim Feidhmithe I ina ndéanfar bunsraitheanna a leagan síos i mblianta tosaigh na Straitéise;
- Céim Feidhmithe II ina ndíreofar ar lánfheidhmiú na mbeart ábhartha ar fad; agus
- Céim Feidhmithe III ina ndéanfar na bearta ar fad a phríomhshruthú.
Bhí Céim an Bhunaithe agus Céim Feidhmithe 1 den Straitéis ar siúl faoi stiúir na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus anois táthar ag tabhairt faoi Chéim Feidhmithe 11. Réimsí Gnímh
Leagtar 9 réimse gnímh amach sa Straitéis, eadhon:
- Oideachas
- An Ghaeltacht
- An Teaghlach ag Cur na Teanga ar Aghaidh – Idirghabháil go Luath
- Riarachán, Seirbhísí agus Pobal
- Na Meáin agus an Teicneolaíocht
- Foclóirí
- Reachtaíocht agus Stádas
- Saol Eacnamaíochta
- Tionscnaimh Leathana
Cliceáil anseo le haghaidh cóipe den Straitéis.
Díospóireacht oscailte ar pholasaí
I mí na Nollag 2015, faoi Phlean Athnuachana na Státseirbhíse, thionóil an Roinn Díospóireacht Oscailte ar Pholasaí ar an ábhar - an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
Is í an aidhm a bhí leis an díospóireacht seo ná breathnú siar ar an méid a bhí déanta faoin Straitéis le cúig bliana anuas agus breathnú chun cinn ar na tosaíochtaí faoin Straitéis don tréimhse cúig bliana atá romhainn.
Tuilleadh eolais ag:
Díospóireacht oscailte ar pholasaí faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030
Sonraí teagmhála don Straitéis sa Roinn
Seán Ó Leidhinn
091 503700
Ríomhphost:
sean.oleidhinn@chg.gov.ie