Earcaíocht
Príomhoifigeach Cúnta (Caighdeánach) (Gaeilge)
Tá clár éagsúil gnó ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta, agus Gaeltachta. Tá sé mar shainordú leathan aici cultúr agus oidhreacht na hÉireann a chur chun cinn agus a chosaint; úsáid na Gaeilge a bhrú ar aghaidh; tacú le forbairt theangeolaíoch, eacnamaíoch agus chultúrtha na Gaeltachta agus forbairt inbhuanaithe na n-oileán a éascú.
Tá folúntais ann faoi láthair i Rannán Gaeltachta na Roinne atá lonnaithe sna Forbacha, Co. na Gaillimhe. Is í an Ghaeilge teanga oibre na hoifige sin.
Ag tuairisciú do Phríomhoifigeach, tabharfaidh an t-iarrthóir rathúil comhairle freisin don ardbhainistíocht agus oibreoidh sé nó sí leo i dtaca lena réimsí freagrachta. Iarrfar ar Phríomhoifigigh Chúnta gníomhú mar ionadaithe don Roinn ag cruinnithe agus ag imeachtaí pobail agus idirghníomhaireachta agus d’fhéadfaidís ionadaíocht a dhéanamh ar an tír freisin ar leibhéal Eorpach agus idirnáisiúnta.
Beidh ar iarrthóirí ar mian leo iad a bhreithniú le ceapadh sa ról seo a gcuid dualgais a chur i gcrích trí mheán na Gaeilge. Mar gheall ar chomh sinsearach is atá an ról agus ar an réimse beartais ar a mbeidh an t-iarrthóir/na hiarrthóirí rathúla ag obair, ní bhreithneofar ach amháin iad siúd a bhfuil Gaeilge scríofa agus labhartha den scoth acu.
Ba cheart d’iarrthóirí taithí leathan a bheith acu freisin i gcúrsaí bainistíochta ar an leibhéal cuí, lena n-áirítear foirne a stiúradh agus acmhainní a bhainistiú, agus taithí ar roinnt de na réimsí seo a leanas nó iad ar fad: anailís agus bainistíocht tionscadal nó clár, foirne agus buiséid a bhainistiú, soláthar poiblí, forbairt agus cur i bhfeidhm beartais agus/nó reachtaíochta agus bainistiú straitéiseach agus athraithe.
Bunófar painéal agus as sin líonfar folúntais ón gcomórtas seo.
Spriocdháta: 25 Feabhra 2019