An Ghaeltacht
Tacaíonn an Roinn le réimse clár agus eagraíochtaí teangalárnacha ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge mar phríomhtheanga an phobail agus an teaghlaigh sa Ghaeltacht i gcomhthéacs chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Cuirtear maoiniú reatha ar fáil faoi scéimeanna éagsúla, lena n-áirítear Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, Scéim na gCúntóirí Teanga agus Scéim na gCampaí Samhraidh Gaeilge. Cuirtear maoiniú caipitil ar fáil d'fhorbairt agus do chothabháil áiseanna éagsúla teangalárnacha pobail sa Ghaeltacht.
Cuireann an Roinn maoiniú ar fáil d'Údarás na Gaeltachta mar an ghníomhaireacht forbartha réigiúnach don Ghaeltacht agus oibríonn sí go dlúth leis. Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tá Údarás na Gaeltachta freagrach as tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí maidir le hullmhú agus cur i bhfeidhm pleananna teanga sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta agus i mBailte Seirbhíse Gaeltachta áirithe.