Scéim na gCúntóirí Teanga
Is é cuspóir na scéime seo ná an Ghaeilge a láidriú mar theanga labhartha i measc aos óg na Gaeltachta. Maidir le Scéim na gCúntóirí Teanga déanann an dá eagras, Muintearas Teo agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne Teo, an scéim a reáchtáil thar ceann na Roinne. Is tríd an ngréasán bunscoileanna Gaeltachta a dhéantar an tseirbhís seo a sheachadadh den chuid is mó. Tá sé i gceist athbhreithniú a dhéanamh ar an Scéim seo i 2015/2016 i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Scileanna go hairithe i gcomhthéacs na Moltaí Polasaí don Soláthar Oideachais i Limistéir Ghaeltachta atá déanta ag an Roinn sin. http://ancuntoir.ie/
Ba chóir d'aon scoil atá ag lorg aitheantas faoin scéim teagmháil a dhéanamh le Muintearas Teo a riarann an scéim i nGaeltacht Dhún na nGall, Mhaigh Eo, na Gaillimhe agus An Mhí nó Oidhreacht Chorca Dhuibhne i gcás Gaeltacht Chiarraí, Chorcaigh agus Phort Láirge. The contact details for both organisations are:
Muintearas Teo Tír an Fhia Leitir Móir Co na Gaillimhe Tel: +353 (0)91 551145 R-Phost: muintearas@muintearas.com |
Oidhreacht Chorca Dhuibhne Teo Baile an Fheirtéaraigh An Daingean Trá Lí Co Chiarraí Tel: +353 (0) 66-9156100 R-Phost: eolas@cfcd.ie |