Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge
Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge (Reatha)
Déantar páirtmhaoiniú ar Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge le fáltais ón gCrannchur Náisiúnta. Is é aidhm an chláir mhaoiniúcháin seo cúnamh airgeadais a chur ar fáil do réimse eagraíochtaí agus gníomhaíochtaí a thacaíonn le cur chun cinn na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. I measc na n-eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú bliantúil tá Taibhdhearc na Gaillimhe, Gaillimh le Gaeilge, Gnó Mhaigh Eo agus Gael Taca, Corcaigh.
Faoi na Scéimeanna Tacaíochta don Ghaeilge, cuirtear maoiniú ar fáil freisin do thionscnaimh a thacaíonn le comhlachtaí poiblí Acht na dTeangacha Oifigiúla a chur i bhfeidhm agus do thionscnaimh a thacaíonn le stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre den Aontas Eorpach. Áiríonn na tionscnaimh sin, mar shampla, forbairt bhunachar sonraí téarmaíochta an AE i nGaeilge atá á dhéanamh ag Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
Foirm iarratais do na Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge
Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge (Caipiteal)
Tá maoiniú faoin bhfo-cheannteideal seo curtha ar fáil do thionscadail chaipitil ar scála beag a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.