Léaráidí Cheardlann Chultúr 2025
19/10/2015
Rinne an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, mórcheardlann chultúir a sheoladh i mBaile Átha Cliath Dé Luain, an 19 Deireadh Fómhair san Ospidéal Ríoga, Chill Mhaighneann, atá á reáchtáil mar chuid den phróiseas comhairliúcháin d’fhorbairt Cultúr 2025, an chéad pholasaí náisiúnta cultúir in Éirinn. Bhí aitheasc ag an gceardlann freisin ó Ruth Mackenzie, a bhí ina comhairleoir ag cúig rúnaí cultúir faoi rialtais Tony Blair agus Gordon Brown sa Ríocht Aontaithe, agus a d’fheidhmigh mar Stiúrthóir ar an Cultural Olympiad, an fhéile chultúir a bhí ar siúl ag an am céanna le Cluichí Oilimpeacha 2012. Bhí an cheardlann bunaithe ar shamhail an Chaifé Domhanda le rannpháirtíocht ghníomhach agus bhí na maisitheoirí Philip Barret agus Fintan Taite ar fáil chun roinnt de na téamaí a tháinig chun cinn a léiriú. Seo cuid de na léaráidí ón cheardlann sin.