04/03/2015
Tuairisc faoi Bhainistiú Fianna á foilsiú agus Fóram Bainistíochta Fianna na hÉireann á sheoladh ag an Aire Mhic Unfraidh agus an tAire Ó hAodha
Dé Céadaoin, 4 Márta 2015—Rinne Heather Mhic Unfraidh T.D., an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Tomás Ó hAodha T.D., Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an tuairisc
Deer Management in Ireland – A Framework for Action a fhoilsiú inniu (an 4 Márta 2015) chomh maith le ballraíocht an Fhóraim Bhainistíochta Fianna a fhógairt.
Tá Seirbhís Páirceanna Náisiúnta na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Seirbhís Foraoiseachta na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara agus Coillte, in éineacht le páirtithe leasmhara, tar éis bheith ag obair ar mholtaí beartais a bhaineann le caomhnú agus bainistiú fianna.