An tAire Humphreys ag Cartoon Saloon
23/01/2015
Dúirt an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Mhic Unfraidh TD, inniu go bhfuil acmhainneacht shuntasach fáis san earnáil bheochana sa bhliain 2015 mar gheall ar feabhsúcháin a rinneadh le gairid ar Alt 481 - Faoiseamh Cánach ar Scannáin. Bhí an tAire Mhic Unfraidh ag labhairt agus í ag tabhairt cuairte ar an stiúideo beochana, Cartoon Saloon, i gCill Chainnigh a ainmníodh do ghradam Oscar. An tseachtain seo caite fuair Cartoon Saloon ainmniúchán do dhuais an Acadaimh dá scannán ‘Song of the Sea’ sa chatagóir ‘An Príomhscannán Beochana is Fearr’. Is é seo an dara ainmniúchán Oscar atá faighte ag an gcomhlacht seo atá lonnaithe i gCill Chainnigh; ainmníodh roimhe seo é don scannán 'The Secret of Kells'.
Minister Humphreys visits Cartoon Saloon
Minister Humphreys visits Cartoon Saloon